skip to main content

Ó Grifín ag éirí as an bpolaitíocht

Labhair an Teachta Dála Breandán Ó Grifín le Helen Ní Shé ar RTÉ Raidió na Gaeltachta inniu faoina chinneadh éirí as an bpolaitíocht, agus d'admhaigh sé go raibh díomá agus fearg aige nuair nár ceapadh ina Phríomh-Aoire é i mí na Nollag.

Sa chlár céanna, dúirt an Feisire Eorpach Seán Ó Ceallaigh nach mbeidh spéis aige seasamh san olltoghchán.

San agallamh ar An Saol ó Dheas dúirt Breandán Ó Grifín go raibh sé ag iarraidh breis ama a chaitheamh lena chlann.

"Go han-simplí, ba mhaith liom níos mó ama a chaitheamh le mo chlann.Tá beirt mhac óg agam agus ba mhaith liom breis ama a chaitheamh leo sula mbeidh siad fásta suas.Tá siad beagnach 8 agus 10 mbliana d’aois anois, tar éis téarma eile bheadh siad 15 agus 17 agus beagnach imithe ón teach.Tá cúpla bliain fágtha nuair a bheidh siad ina bpáistí fós."

Dúirt sé san agallamh gur lorg sé comhairle ó go leor daoine, ina measc Joe McHugh, a d’fhógair go raibh sé ag éirí as an bpolaitíocht anuraidh.Dúirt Ó Grifín go raibh an saol polaitiúil thar a bheith dúshlánach do theachtaí a bhí lonnaithe in áiteanna i bhfad ó Bhaile Átha Cliath.

Maidir le cinneadh an Taoisigh gan cúramaí an Phríomhaoire a thabhairt dó, dúirt sé go raibh sé díomách ach gur thuig sé cás an Taoisigh.

"Bhí díomá orm, agus beagán fearg … Ní raibh ach cúpla áiteanna ag an Taoiseach agus … cósúil le Jack O’Connor, ní bheadh tú in ann gach imreoir a chur ar an bpáirc."

Dúirt sé go raibh díomá ar an Taoiseach nuair a chuir in iúl dó nach raibh sé i gceist aige seasamh san olltoghchán. Dúirt sé freisin go raibh formhór an pháirtí sásta le ceannaireacht Varadkar.

"Bhí díomá air. Bhí’s aige nach riabh mé sásta le saol na polaitíochta le tamall anuas, ach cheap sé i gcónaí go mbeadh téarma eile agam.Tá muid fós an-chairdiúil."

"I mo thuairimse, tá an chuid is mó d’ár dteachtaí sásta leis.Tá sé ag déanamh a dhícheall.Tá post an-deacair aige.Thug sé ceannaireacht iontach don tír seo nuair a bhí sé ina Thaoiseach don chéad uair, go háirithe nuair a tháinig COVID … Rinne Mícheál Martin post iontach freisin mar Thaoiseach in uaireanta an-deacair, go háirithe i gcomhthéacs COVID, rinne sé job iontach.

Ar an gclár céanna, dúirt an Feisire Eorpach de chuid Fhine Gael Seán Ó Ceallaigh nach mbeadh spéis aige siúd seasamh san olltoghchán, agus go raibh sé dírithe anois ar an Eoraip.Thug sé ard-mholadh don Teachta Ó Grifín.

"Ní dóigh liom é chun bheith fírinneach.Níl fonn orm rith san olltoghchán in Éirinn, b’fhearr liom fanacht san Eoraip agus leanacht leis an obair atá ar siúl agam anseo."

"Is trua go bhfuil sé ag éirí as, rinne sé jab ana mhaith déanta aige.Polaiteoir den scoth ab ea Breandán.Bhí sé an-dáiríre, macánta, díograiseach, agus rud nach mbíonn alán polaiteoirí, uaireanta, bhí sé ana-chróga.Dá bhrí sin is cailliúint mhór é, ach ag an am céanna is dóigh liom gur féidir linn iarrthóir eile a fháil a choimeádfaidh an suíochán mar bheadh sé go huafásach ar fad muna bhféadfadh Fine Gael suíochán amháin a choimeád as cúig cinn."

Bhí an Teachta Dála Breandán Ó Grifín agus an Feisire Eorpach faoi agallamh ar An Saol ó Dheas ar RTÉ Raidió na Gaeltachta.