skip to main content

Fostaíocht sheasmhach ach fadhb tithíochta: Údarás na Gaeltachta

Labhair Tomás Ó Síocháin, Príomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta faoin méid atá foilsithe i ráiteas deiridh bliana Údarás na Gaeltachta ar an gclár Adhmhaidin ar RTÉ Raidió na Gaeltachta.

Deir Ó Síocháin go léiríonn an tuarascáil go bhfuil an fhostaíocht sheasmhach i measc chliaint an Údaráis a chuimsíonn na réigiúin Ghaeltachta ar fad. Is comhartha é seo ar an obair mhór a rinneadh le bliain anuas, a deir sé agus gur ag tógáil ar an obair leanúnach atá déanta ag foireann an Údaráis.

We need your consent to load this rte-player contentWe use rte-player to manage extra content that can set cookies on your device and collect data about your activity. Please review their details and accept them to load the content.Manage Preferences


Braitheann na hearnálacha ar na láidreachtaí a bhaineann leis na Gaeltachtaí éagsúla. Tá na gnóanna ag forbairt de réir a chéile i ndiaidh na paindéime ach níl siad go hiomlán ar ais ar a seanléim. Tá athrú tagtha ar an obair a dhéantar anois i gceantair Ghaeltachta de bharr chianobair a bheith níos coitianta ná mar a bhí agus deir Ó Síocháin go bhfuil sin suntasach ach tá ceist ann fós faoi an mbeidh an t-athrú sin buan.

Tomás Ó Síocháin

Tá 29 mol digiteach oscailte ag an Údarás agus luaigh Ó Síocháin gur infrastructúr nua é seo agus dá réir, tá cuid acu seo lán agus cuid eile acu nach bhfuil lán. Dúshlán eile a bhaineann leis na molanna seo ná an fhadhb tithíochta atá go forleathan sna Gaeltachtaí anois agus deir Ó Síocháin gur ceist lárnach í seo don Údarás agus do cheantair tuaithe eile.

Luaigh Ó Síocháin nach bhfuil an chumhacht ag an eagraíocht plé le pleanáil tithíochta i gceantair Ghaeltachta ach gur ceist í seo don rialtas leis an reachtaíocht a athrú. Ní mór a bheith cúramach faoi chumhacht bhreise a lorg ón rialtas freisin, a deir sé.

Éist le hAdhmhaidin ar RTÉ Raidió na Gaeltachta ón Luan go hAoine idir 8 agus 9