skip to main content

Scéal Annie Mc Carrick, 30 bliain ar aghaidh.

D'imigh Annie McCarrick gan tásc gan tuairisc in Átha Cliath deich mbliana fichead ó shin. Cad a d'imigh uirthi? An bhfaighfear go deo í?

Cé go bhfuil tríocha bliain caite ó d'imigh Annie ar iarraidh, deir Sinéad Ní Uallacháin go bhfuil a hainm i mbéal an phobail ó shin.

Meiriceánach ab ea Annie a tháinig go hÉirinn agus a rinne staidéar ar chúrsa Ollscoile. Bhíodh cónaí uirthi i nDumhach Trá i ndeisceart Átha Cliath. Tuairiscíodh go raibh fonn ar Annie dul amach ag siúl in sléibhte Chill Mhantáin le linn na deireadh seachtaine in 1993.

Tá fianaise go raibh Mc Carrick in Ragnallach agus go ndeachaigh sí chomh fada le Ath na Scéire, i gCill Mhantáin ach tá tuairiscí ann go bhfacthas í i bpub Johnny Foxes, cé go bhfuil amhras faoi sin anois.

Cé gur go raibh roinnt fiosrúchan, i measc sin, bleachtairí Meiriceánach, níor tháinig mórán eolais chun cinn ón obair seo.

Rinne Scannal scéal Annie Mc Carrick a chlúdach go cuimsitheach le déanaí, is féidir leat féachaint ar an gclár sin anseo.

Éist leis An Saol Ó Dheas ar RTÉ Raidió na Gaeltachta ón Luan go hAoine idir 12.08-1.00