skip to main content

Cúis cheiliúrtha don Cailín Ciúin

Bhí criú an Cailín Ciúin i mBaile Átha Cliath nuair a fógraíodh go raibh siad san iomaíocht i gcatagóir don scannán idirnáisiúnta is fearr ag na Oscars i mbliana. Bhí Eoin Ó Catháin ann agus labhair sé leo faoin lá mór.

Labhair Eoin Ó Catháin le Colm Bairéad (Stiúrthóir), Cleona Ní Chrualaoí (Léiritheoir), Pádraig Ó Sé (Aisteoir), Catherine Clinch (Aisteoir) agus Carrie Crowley (Aisteoir) ag imeacht i bpictiúrlann an Stella.

Ag caint ar thábhacht an ainmniúcháin, dúirt Colm Bairéad go raibh ríméad air ach go raibh an scéal fós á phroiseáil aige. Luaigh sé an bród a bhí air do phobal na Gaeilge go raibh an scannán aitheanta anois timpeall an domhain mhóir.

We need your consent to load this rte-player contentWe use rte-player to manage extra content that can set cookies on your device and collect data about your activity. Please review their details and accept them to load the content.Manage Preferences

Nuair a bhí an fhoireann i mbun taifeadta, luaigh Cleona go raibh draíocht ag baint leis an obair ach nár thuig éinne go mbeidís san iomaíocht ag na Oscars don scannán Éireannach, Gaelach seo. Luaigh sí freisin gurb é An Cailín Ciúin an t-aon scannán i dteanga mhionlaigh agus go dtugann sé ardán don teanga í féin.

Éist le Tús Áite ar RTÉ Raidió na Gaeltachta ón Luan go hAoine idir 5 agus 6.