Labhair Páid Ó Neachtain, mac leis an scríbhneoir iomráiteach Joe Steve Ó Neachtain ar an gclár An Saol Ó Dheas ar RTÉ RTÉ Raidió na Gaeltachta faoin dán a scríobh a athair i ndiaidh dóibh fanacht le Séamus agus Mary Ní Bheaglaoích sa bhliain 1987.
Budóigín Bhaile na bPoc a thug sé ar an dán a thugann cuimhní geala chun cinn agus a nascann carachtair ó Ghaeltachtaí na tíre le chéile.
Is le Séamus agus Máire Ui Bheaglaioch i mBaile na bPoc a d'fhan Joe Steve Ó Neachtain agus a chuid le linn Oireachtas na Samhna sa Daingean i 1987. Bhí toradh fónta air a dturas-gamhain óg aige Séamus agus dán nua chumtha aige Joe Steve.
Éist leis An Saol Ó Dheas ar RTÉ Raidió na Gaeltachta ón Luan go hAoine idir 12.08-1.00