Labhair Peadar Ó Riada ar an gclár An Saol Ó Dheas ar RTÉ Raidió na Gaeltachta mar gheall ar chomórtas Bonn Óir Seán Ó Riada na bliana seo.

Beidh ceathrar déag san iomaíocht do bhonn Óir Seán Ó Riada i mbliana. Beidh a comórtas ar bun in Óstán Bhaile an Róistigh ar an 3ú Feabhra agus le clos beo ar RTÉ Raidio na Gaeltachta.

We need your consent to load this rte-player contentWe use rte-player to manage extra content that can set cookies on your device and collect data about your activity. Please review their details and accept them to load the content.Manage Preferences


Is ar cheol na fidile a bheidh an comórtas ag díriú i mbliana. I measc na ndaoine atá ag glacadh páirt sa chomórtas, tá cúigear ag teacht anall as Meiriceá. Deir Peadar go bhfuil Gaeilge ag roinnt acu seo freisin agus iad ag éisteacht le RTÉ Raidió na Gaeltachta thar lear.