skip to main content

7 lá, 7 gcúis: Feachtas seolta faoin gcuraclam Gaeilge

Labhair Séamus Mac Eochaidh, Gael Linn, ar an gclár Adhmhaidin ar RTÉ Raidió na Gaeltachta faoin bhfeachtas atá seolta ag Gael Linn faoin gcuraclam Gaeilge T1 a scrúdú ag deireadh bhliain 5.

Labhair Séamus faoin míshástacht atá léirithe ag múinteoirí mar gheall ar an gcinneadh seo an scrúdú seo a chur ar siúl ag deireadh bhliain 5, seachas ag deireadh bhliain 6, mar ba dhual. Deir na múinteoirí nach bhfuil aon bhunús oideachasúil leis an scrúdú a chur ar siúl le linn na tréimhse seo. Mar gheall ar an míshástacht seo a cuireadh tús leis an bhfeachtas, 7 lá, 7 gcúis.

Cinneadh conspóideach ab ea an cinneadh an scrúdú a bhog go deireadh na bliana 5, cinneadh a chuirfear i bhfeidhm ó mhí Mheán Fómhair ar aghaidh mura dtagann athrú ar an scéal.

Deir Séamus go bhfuil Gael Linn i bhfábhar athruithe sa chóras oideachais ach go gcaithfidh go mbeadh na hathruithe seo taighde-bhunaithe agus a luíonn leis an dea-chleachtas.

Éist le Adhmhaidin ar RTÉ Raidió na Gaeltachta ón Luan go hAoine idir 8 agus 9.