skip to main content

Edel Ní Chorráin ceaptha mar Stiúrthóir Foilsitheoireachta

Tá Edel Ní Chorráin ceaptha mar Stiúrthóir Seirbhísí Foilsitheoireachta, Foclóireachta agus Téarmaíochta Fhoras na Gaeilge. Rachaidh sí i mbun a cuid cúraimí sna seachtainí romhainn in oifigí Fhoras na Gaeilge i nGaoth Dobhair.

Tá taithí na mblianta ag Edel i réimse an oideachais, in oiliúint múinteoirí agus ag dearadh acmhainní teagaisc Gaeilge don seomra ranga go háirithe. I measc na dtionscadal a d'fhorbair Edel mar Bhainisteoir Oideachais don Ghaeloideachas, Iar-bhunscolaíocht, leis an gComhairle Curaclaim, Scrúdúcháin agus Measúnaithe (CCEA), tá foclóir ar líne ar a dtugtar Ríomhfhoclóir Matamaitice, a thugann sainmhíniú ar théarmaíocht na matamaitice.

Tá Edel ag feidhmiú mar Leas-Phríomhfheidhmeannach/Stiúrthóir Seirbhísí Oideachais Fhoras na Gaeilge ó mhí Lúnasa 2017. Reáchtálfar comórtas earcaíochta lena comharba a cheapadh le linn an earraigh. Mar Leas-Phríomhfheidhmeannach/Stiúrthóir Seirbhísí Oideachais agus mar bhall den fhoireann ardbhainistíochta, tá Edel ina hionadaí thar ceann Fhoras na Gaeilge ó thuaidh, ag plé le dearadh straitéise don Ghaeilge ó thuaidh, agus ó dheas ar bhoird na Comhairle Naisiúnta Curaclaim agus Measúnachta (CNCM) agus na Comhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta (COGG) ó dheas.

Ag tréaslú le hEdel Ní Chorráin as a ceapachán, dúirt Príomhfheidhmeannach Fhoras na Gaeilge, Seán Ó Coinn, go mbeadh "taithí fhorleathan Edel Ní Chorráin i réimse an oideachais an-tábhachtach agus í ag plé le cúrsaí foilsitheoireachta, foclóireachta agus téarmaíochta, ó tharla gur forais oideachais, a ndaltaí agus scoláirí is mó a bhaineann leas as saothar Fhoras na Gaeilge sna réimsí sin."

Beidh Edel Ní Chorráin ag fanacht ar fhoireann ardbhainistíochta Fhoras na Gaeilge ina ról úr, lena comhghleacaithe Shane Ó hEidhin, Stiúrthóir Seirbhísí Corparáideacha, agus Breandán Mac Craith, Stiúrthóir Seirbhísí Forbartha na heagraíochta, a ceapadh ina ról in 2021 agus atá mar ionadaí Fhoras na Gaeilge ar an gCoiste Comhairleach um Sheirbhísí Gaeilge, agus freagrach as cur i bhfeidhm pholasaí pleanála teanga an rialtais ó dheas lasmuigh den Ghaeltacht.

Ag labhairt faoina tosaíochtaí sa ról nua, dúirt Edel, "Is mór an onóir a bheith ceaptha sa ról seo i réimse atá ríthábhachtach agus riachtanach d’fhorbairt agus buanú na Gaeilge. Beidh sé mar thosaíocht agam acmhainní foghlama agus úsáid na teicneolaíochta a fhorbairt ar mhaithe le foghlaim na Gaeilge a éascú."