Labhair muid leis an gcraoltóir Cormac Ó hEadhra, comhláithreoir Drivetime ar RTÉ Radio One mar gheall ar chúrsaí reatha na bliana seo caite agus a bhfuil romhainn in 2023.

Ag féachaint siar ar an mbliain 2022, cad iad na scéalta ba mhó a sheas amach duit, mar chraoltóir?

Chuaigh an tragóid uafásach i gCraoslach i gCo Dhún na nGall I gcion orm níos mó ná cuid mhaith scéalta, tragóidí móra eile freisin. Ní thuigim cén fáth. Sílim gur tháinig an scéal chugainne agus muid ar an aer tráthnóna Dé hAoine.Níor thuig muid ag an am an t-uafás a bhain leis. Agus ansin na scéalta, na tragóidí pearsanta agus an pobal beag tuaithe cosúil le mo cheann fhéin ar an gcósta thiar buailte go dona leis.

Seachas sin, tá easpa tithíochta ag déanamh ar mhíle bealach.Tá an córas sláinte ina cíor thuathail ach sheas an chóir ar mheabhairshláinte do dhaoine óga i gCiarraí amach i rith na bliana.

Bhí polaitíocht Shasana cosúil le poll puitigh i rith na bliana – Boris, Liz, Rishi. Bhí drámaíocht ag baint leis - ach ní scríobhfadh Johnny Chóil Mhaidhc an dráma dá mbeadh pláta psychedelic mushrooms ite aige.

Agus ansin, go hoibiachtúil, bhí sé iontach uilig Gaillimh a fheiceáil ag dul chomh fada le cluiche ceannais na hÉireann anuraidh!

An bhfuil sé dúshlánach do dhuine atá ag plé le nuacht/ cúrsaí reatha, faoiseamh a fháil ón ábhar sin?

Tá..an freagra gearr ar sin! Caithfidh luí a bheith agat le cúrsaí reatha chun an jab seo a dhéanamh sílim, spéis nádúrtha a bheith agat ann. Ach mar gheall ar sin, agus mar gheall ar an bhfón cliste agus cainéil nuachta 24 uair, tá fáil ar nuacht go síoraí. Mar sin, fiú ar laethanta saoire bím ag léamh nó ag éisteacht le cúrsaí reatha. Ach bíonn orm srian a chur orm féin uaireannta ar mhaithe le mo shláinte.

An bhfuil aon leideanna dóibh siúd atá ag streachailt leis?

Ar dtús, ná glac le haon chomhairle uaimse! Ach má chuireann tú brú orm…bíodh spéis agat i rudaí eile freisin. Cruthaigh deiseanna sóisialta nó spóirt. Bímse ag snámh nó ag spraoi le mo pháistí nó ag léamh, roinnt teilifíse nó beagán aireachais uaireannta…ach ní déarfainn gur gá don Dalai Lama imní a bheith air go fóilleach!

An bhfuil ábhar ar bith atá ag dó na geirbe d'éisteoirí Drivetime, thar ábhar ar bith eile i mbliana, an dóigh leat?

Dhá scéal a sheasann amach ar an bpointe – tithíocht agus sláinte.

Tá easpa tithíochta ag cur as do go leor daoine. Ní raibh an oiread daoine ariamh gan dídean – beagnach trí mhíle go leith páiste ina measc. Tá cíos iontach ard. Tá praghas tí ró-ard. Cuireann sé isteach ar chaighdeán maireachtála, ar chumas oibrithe glacadh le post..ar chumas fhostóirí daoine a fhostú srl.Tá daoine ag dul ar imirce dá bharr.

Agus tá imní agus fearg ar dhaoine ó thús nabliana faoin gcóras sláinte. Tá an iomarca daoine ag fanacht rófhada le cóir leighis.Agus tá an brú atá ar oibrithe sa gcóras damannta agus mí-chuí.

Sílim go bhfuil níos mó daoine ag éirí mífhoighdeach faoin dá scéal seo. Tá siad go mór i mbéal an phobail ó thús na bliana seo cheana fhéin.

Conas a aimsíonn Drivetime cothromaíocht idir scéalta troma agus ábhar níos éadroime?

Sé Drivetime an clár cúrsaí Reatha is faide ar an sceideal. Mar sin, caithfidh muid rogha leathan scéalta a thabhairt d'éisteoirí. Éilíonn éisteoirí scéalta tábhachtacha reatha uainn – bíonn siad ag súil leis sin. Ach bíonn an-tóir ar na scéalta 'éadroma’ nó barúla freisin. Caitheann muid isteach glaicín scéalta neamhghnáthacha nó aoíanna spraoiúla freisin – an leas a dhéanann sé dod mheabhairshláinte baróg a thabhairt do chrann; taighde faoi neamhaird a dhéanamh ar an bhfón ar maidin; aclaíocht, damhsa, cócaireacht srl. Déanann muid iarracht gáirí a bheith againn leis na scéalta seo nach bhfuil dáiríre…..agus aon áit eile sa chlár freisin gur féidir. Tá an saol róghearr gan gáire a dhéanamh!

An bhfuil athruithe i ndán don chlár i mbliana?

Tá súil againn athraithe beaga a dhéanamh.Bhuel, níl a fhios againn céard iad fós. Ach teastaíonn rud a athrú I gcónaí. An t-athrú is fearr a d’fhéadfadh muid a dhéanamh ná go labhródh mise nuair atá an solas dearg lasta agus go labhródh Sarah nuair atá…..níl mé ach ag magadh!!(Ná taispeáin seo di 😊)

Éist le Drivetime ar RTÉ Radio One Luan go hAoine idir 4 agus 7