Cuireann Nadia Dobrianska, Úcráineach in Éirinn, cás na hÚcráinise i gcomparáid le cás na Gaeilge ar an gclár Tús Áite ar RTÉ Raidió na Gaeltachta.
Nuair a dhéantar comparáid idir dátheangachas in Éirinn agus san Úcráin, de ghnáth déantar comparáid idir cé chomh cosúil is a cheaptar atá an Rúisis agus an Úcráinis i gcomparáid le cé chomh difriúil is a cheaptar atá an Ghaeilge agus an Béarla.
Is teangacha Slavacha iad an Úcráinis agus an Rúisis araon. Mar sin, deirtear go bhfuil sé éasca do chainteoirí na dteangacha sin a chéile a thuiscint. Agus ní féidir le cainteoirí Béarla an Ghaeilge a thuiscint ar chor ar bith gan staidéar a dhéanamh ar an teanga, agus tá a mhalairt fíor freisin do chainteoirí aonteangacha Gaeilge cé gur dócha nach bhfuil mórán acu ann sa lá atá inniu ann. Tá fírinne áirithe sa chomparáid seo idir an dá thír, ach ceileann sé gnéith tábhachtach den scéal freisin.

Rinne teangeolaí Meiriceánach Morris Swadesh measúnacht cóngarachta idir teangacha trí chomparáid a dhéanamh idir na focail is coitianta sna teangacha. Dé réir a mhodh, roinneann an Úcráinis agus an Rúisis 78% de na focail coitianta. Tuigeann Úcráiniseoirí agus Rúisiseoirí san Úcráin a chéile go maith, cé gur minic a cheapann daoine lasmuigh den Úcráin go mbíonn cainteoirí an dá theanga ag troid lena chéile. Tarlaíonn sé go minic go mbíonn daoine sna teaghlaigh céanna ag caint dhá theanga. Mar shampla, labhair mise Úcráinis le mo chol ceathracha i nDonetsk agus labhair siad siúd Rúisis liomsa. Agus de bharr fáthanna teaghlaigh, is Úcráiniseoirí iad m'athair agus duine dá dheirfiúracha ach is Rúisiseoir í a ndeirfiúr is óige, cé gur fhás siad aníos le chéile.
Bhí an cuid is mó de Réalta móra na hÚcráine ag cruthú físeán, ceol agus scannáin as Rúisis. 'Nach cuma cén teanga a úsáidtear?’ a dhéarfaí. ‘Tuigeann gach éinne Rúisis.’ Bhí na réalta san Úcráin ar Rúisiseoirí iad in ann leantóirí a bheith acu san Úcráin agus sa Rúis agus sna tíortha timpeall an domhain ina bhfuil cainteoirí Rúisise. Bhí margadh i bhfad níos mó acu.
Ach an de bharr cúrsaí teangeolaíochta amháin a thuigeann Úcráiniseoirí agus Rúisiseoirí a chéile? Dá mbeadh sin fíor, thuigfeadh Úcráiniseoirí Slóvacais nó Polainnis go maith chomh maith, mar tá nach mór an líon céanna focail chomónta i gcoiteann idir na teangacha sin agus an Úcráinis, is atá idir an Úcráinis agus an Rúisis. Ach ní thuigeann Úcráinigh na teangacha seo seachas má fhoghlaimíonn siad iad. Agus tá pointe níos tábhachtaí le déanamh.
Tuigeann cainteoirí an dá theanga san Úcráin a chéile. Ach ní thuigeann Rúisiseoirí ón Rúis Úcráinis ar ar chor ar bith, in ainneoin cóngaracht na dteangacha. Labhraínn saighdiúirí Úcráineacha Úcráinis le daoine ag seicphointí, fiú más Rúisiseoirí iad, mar tá seans maith muna dtuigeann siad Úcráinis gur gníomhairí Rúiseacha faoi cheilt iad.
Tá seo go léir éirithe níos soiléire ó thosaigh ionradh na Rúise i mí Feabhra. Thosaigh réalta Úcráineacha ag éirí as an Rúisis agus chaill siad leantóirí ón Rúis agus pobail timpeall an domhain ina labhraítear Rúisis. Mar shampla, thosaigh na réalta Úcráineacha seo ar Rúisiseoirí iad ag baint úsáide as Úcráinis ar na meáin shóisialta agus ina gcuid saothar cruthaitheach:an blagaire Oleksiy Durniev, na hamhránaithe Olga Poliakova, Nadia Dorofeyeva, Dantes agus Luna.Léirigh roinnt leantóirí ón Rúis díomá ar na meáin shóisialta faoi amhrán nua i Úcráinis ón bpop-amhránaí Luna a bhíodh ag canadh i Rúisis roimhe sin.
Ach tá scéalta uafásacha ón gcogadh féin a chaitheann solas ar an scéal freisin. Dúirt an Úcráiniseoir Liudmyla Nykytenko, a bhfuil cónaí uirthi faoin tuath i reigiún Zaporizhzhia, le hiriseoir ón eagraíochtTionscnamh Meáin Um Chearta Daonna gur chuir saighdiúirí Rúiseacha iallach uirthi Rúisis a labhairt agus í á gceistiú acu. Toisc nach Rúisiseoir í bhí uirthi stopadh agus í ag caint chun cuimhneamh ar fhocail agus bhuail na saighdiúirí Rúiseacha í dá bharr sin. Ina dhiaidh sin le linn di a bheith á díbirt go dtí críocha a bhí faoi smacht na hÚcráine, bhí Úcráineach amháin a bhí ag oibriú leis na Rúisigh i measc lucht a díbrithe. Thuig sé siúd a cuid Úcráinise go maith agus bhí sé ábalta labhairt léi sa teanga sin.
D’inis saighdiúir darbh aim Hanna, 26 bliain d’aois, a bhí gafa mar phríosúnach cogaidh i Mariupol leis an BBC go gcéasadh saighdiúirí na Rúise príosúnaigh Úcráineacha má bhí siad ag labhairt Úcráinise. Tá sé íorónta go ndeireann bolscaireacht na Rúise nach teanga ar leith í an Úcráinis agus gur canúint de chuid na Rúisise í. Ach ní thuigeann Rúisigh Úcráinis ar chor ar bith, cé gurbh í an teanga céanna í dár leo.
Cén fáth go dtuigeann muintir na hÚcráine Úcráinis agus Rúisis ach nach dtuigeann muintir na Rúise Úcráinis cé go bhfuil an dá theanga gaolmhar? Ní hiad cúrsaí teangeolaíochta bun agus barr an scéil is léir. Teastaíonn taithí agus tá a lán taithí ar Rúisis ag Úcráinaigh. D’fhoghlaim na glúinte de Úcráiniseoirí Rúisis ar scoil agus tógadh a lán acu le Rúisis. Ach fiú i mo chás fhéin cé nár tógadh mé le Rúisis agus cé nár fhoghlaim mé Rúisis ar scoil, bhí an méid sin leabhair, cláracha teilifíse, scannáin agus fiú comhráití thart timpeall orm trí Rúisis go bhfuair mé taithí air an teanga. Ach níl an taithí sin ag Rúisigh ar an Úcráinis agus mar sin ní thuigeann siad Úcráinis gan staideár a dhéanamh uirthi nó gan taithí ar a bheith ag cónaí san Úcráin ar feadh a lán ama.
Measaim i ndeireadh na dála nach míníonn an difríocht níos mó idir Gaeilge agus Béarla ná mar atá idir Rúisis agus Úcráinis cén fáth nach bhfuil tuiscint níos fearr ag Béarlóirí na hÉireann ar an nGaeilge. Faigheann daoine taithí ar an nGaeilge sa chóras oideachais. Ach cé go bhfuil leithéidí TG4 agus RTE Raidió na Gaeltachta ann tá an Ghaeilge i bhfad níos imeallaithe sna meáin agus sa saol poiblí ná mar atá an Úcráinis san Úcráin agus mar sin ní fhaigheann daoine an taithí céanna uirthi ina saol tar éis na scoile is a fhaigheann Rúisiseoirí san Úcráin ar an Úcráinis. An Ghaeilge a bheith níos lárnaí i saol poiblí, cultúrtha agus cumarsáide na tíre - sin an dúshlán mór dár liomsa chun go mbeadh tuiscint níos fearr ag formhór an phobail ar an teanga.
Éist le Tús Áite ar RTÉ Raidió na Gaeltachta ón Luan go hAoine idir 5 agus 6.