Scríobhann Dónall Ó Maolfabhail mar gheall ar an tsraith nua, An Stát Úr Nua atá déanta aige do RTÉ Raidió na Gaeltachta ag comóradh céad bhliain bhunaithe an stáit.
Cúpla bliain ó shin – sea cúpla bliain ó shin a bhuíochas do Covid - agus an stát féin, mar aon le bheith ag comóradh céad bhliain a bhunaithe, ag cor cinniúnach dar liom, bheartaigh mé gur am mhaith í seo le breathnú siar ar mar a bhain an stát seo aitheantas ar leith amach ar an stáitse domhanda le céad bliain anuas.
Tá an-chuid cainte le déanaí ar ghaiscí na bhfear agus na mban óg a rinne íobairt mhór le linn Chogadh na nDubhchrónach. Ach más éacht a bhí i mbunú stát neamhspleách na hÉireann, éacht dá mhéid a bhí a chinntiú ní hamháin gur mhair an stát óg, ach gur mhair sí ar bhealach a thoil meas náisiúin eile an domhain.
B'fhéidir gur ársa stair náisiúin na hÉireann, ach is coincheap an-óg í stát na hÉireann. A chur ina luí ar an ndomhain mhór go raibh cuid d’oileán a bhí ar feadh 800 bliain faoi riail rí nó banraíonn de chuid Shasana, anois ina stát neamhspleách, bhuel b’shin dúshlán as an ngnáth. Thóg sé dhá bhliain i ndiaidh bunú an stáit sular aithin fiú Rialtas Mheiriceá ambasadóir Éireannach. Ag an am bhí go leor sa bhaile agus i gcéin a chreid nach mairfeadh an stát, ach mhair agus bhláthaigh sí.

Faoin am a d’fhógair Éire i 1948 gur poblacht a bhí inti, bhí meas idirnáisiúnta tuilte aici agus bhí a stadas mar stát neamhspleách buanaithe. Ach má bhí sé deacair ag an stát óg meas náisiúin eile an domhain a thuilleamh, dúshlán dá mhéid a bheadh a chinntiú nar loit ar an meas seo sa chéad caoga bliain a lean agus is ar an dtréimhse seo go príomha a dhíríonn an tsraith An Stát Úr Nua.
Tá claonadh an chreidiúint don fhorbairt a tháinig ar an stát a thabhairt do na cinnirí polaitiúla a stiúr an bháid. Ach mar is eol do aon duine a chuireann suim sa pholaitíocht, más iad na pearsain polaitiúla a dhéanann na cinnithe, is faoi na feidhmeannaigh a fhágtar an obair dheacair na cinnithe a chur i bhfeidhm. Chomh fada agus a bhaineann sé le caidreamh idirnáisiúnta an stáit, is ar thaidhleoirí an stáit a thiteann an cúram seo agus creidim gurb iad is fearr leis an scéal áirithe seo a insint.
I gcomparáid lena gcomghleacaithe san oileán comharsain, níl an claonadh ag formhór taidhleoirí Éireannacha a gcuimhní a bhreacadh ar phár. Cé acu de bharr seo, nó easpa Gaeilge, bhí leisce ar cuid do na hiar-ambasadóirí a labhair mé leo bheith páirteach. Ach le cabhair an Roinn Gnóthaí Eachtracha d’éirigh liom ar deireadh áitiú ar ochtar iar-ambasadóir cuid dá gcuimhní a roint liom agus tá mé go mór faoi chomaoin acu uile.
Deich gclár caoga nóiméad ina mbeadh meascán de phacaistí agus plé studio a bhí beartaithe. Ba é an plean ná cé go rachfainnse chun cainte leis na niar-ambasadóirí agus go ndéanfadh tuairisceoir eile bunaithe ar mo chuidse comhráití na hagallaimh a thaifead agus ansin go gcuirfinnse féin na cláracha i láthair.
Ach in Earrach 2020, díreach agus mé ar tí tabhairt faoi seo shroich an víreas Covid an Eoraip agus níorbh fhada go raibh dianghlasáil i bhfeidhm in Éirinn. Agus aois mhaith ag go leor do na niar- ambasadóirí, bhí sé deacair orm áitiú orthu buaileadh liomsa gan trácht ar an dara duine. Bheartaigh mé bheith foighdeach. Ach níorbh fhada go mba shoiléir nach géarchéim gearrthéarmach a bhíos in adharca leis, agus go mbeadh orm féin na hagallaimh a thaifead.
Le habhar chomh leathan bheadh an struchtúr a roghnófaí rí-thabhachtach. Chun léargas a thabhairt ar an fhorbairt a tháinig ar an stát thar céad bliain, bhí sé tabhachtach go ninseofaí an scéal seo ar bhonn croineolaíoch, ach ag am céanna theastaigh uaim go mbeadh na cláracha ábhartha don lucht éisteachta. Is ansin a rith se liom dá ndíreodh gach clár ar na dúshláin a bhain le réimse ar leith d’obair an stáit agus dá ninseofaí an scéal seo agus snáthscéal na sraithe go ginearálta go croineolaíoch, go bhfhéadfainn an dá thráth a fhreastail.
Trí mhachnamh agus plé, tháinig mé ar an tuairim gurb é polasaí neodrachta an stáit, an diaspóra, obair an stát ar son na síochána, a bhallraíocht i gclub na hEorpa, obair Chúnamh Éireann, seasamh an stáit ar son cearta daonna, cur chuige an stáit i leith na críochdheighilte, cúrsaí eacnamaíochta agus cultúr na hÉireann go príomha a chruthaigh aitheantas ar leith dÉire agus gur cruthúnas ar an taitheantas seo é an chaoi a cheap a gcomhstáit Éire ceithre huaire ar Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe. I ngach ceann do na réimsí seo bhí ar an stát go leor dúshláin a shárú. Má tá easnamh sa liosta shuas luaite, is é ceist mhór na linne seo í, sin le rá na dúshláin a bhaineann le cúrsaí comhshaoil agus timpeallachta. Ach ba léir dom go luath ós rud é gur bhain mo chuidse ambasadóirí le glúin eile nach réimse é seo a raibh morán taithí acu ar a bheith ag plé leis.
Cé go bhfuil an-chreidiúint ag dul don stát as bláthú mar a dhein, b’amaideach an duine a déarfadh go raibh an cur chuige gan locht. Agus an stát féin ag cor cinniúnach, le ceisteanna mhóra ar nós polasaí neodrachta an stáit, ról na hÉireann san Eoraip i bhfianaise na Breatimeachta agus fiú athaontú na tíre, á phlé go hoscailte, chinn mé ar phainéal leathan scoláirí agus tráchtairí a chur le chéile lena mbreithiúnas a thabhairt ar chur chuige an stát go dtí seo. Tar éis an tsaoil cé gur deas éisteacht le cuimhní, is ar bhonn foghlamtha go príomha a bhreathnaimid siar.
Cé gur scaoileadh sinn ón ndianghlasáil, d’fhan studio Raidio na Life áit a bhí beartaithe agam na díospóireachtaí a thaifead agus na cláracha a mheascadh, dúnta go 2022. Ar deireadh thiar i Samhradh 2022, d’éirigh liom na cláracha a chríochnú agus beidh a thorradh le clos ar RTÉ Raidio na Gaeltachta Dé Domhnaigh an 15ú Eanáir ag 7 a chlog, nuair a chraolfar an chéad clár sa tsraith An Stát Úr Nua.
Craolfar An Stát Úr Nua ar RTÉ Raidió na Gaeltachta gach Domhnach ag 7 pm, ag tosú ar an 15 Eanáir.Beidh an clár ar fáil ar an suíomh idirlín freisin, rte.ie/rnag