Sa tsraith seo leanann muid ceathrar mac léinn i gceithre ollscoil éagsúla chun léargas a fháil ar na dúshláin agus tairbhí a bhaineann le saol na hollscoile.
Céim chun cinn sa saol agus céim mhór i dtreo an neamhspleáchas agus an tsaoirse a bhaint amach mar dhuine is ea saol na hollscoile. Le linn shaol na hollscoile bíonn mic léinn ag obair chun gairm bheatha agus a n-áit féin sa saol a bhaint amach. Tréimhse aislingeach, spraoiúil, spleodrach agus fhorbartha i saol an duine é blianta órga na hollscoile. Sa tsraith seo leanann muid ceathrar mac léinn i gceithre ollscoil éagsúla chun léargas a fháil ar na dúshláin, na deacrachtaí, na tairbhí agus an taithneamh a bhraitheann siad agus iad ag tabhairt faoi shaol na hollscoile.
Sa gcéad chlár den tsraith nua tá Naoise ag bogadh as Corca Dhuibhne go Luimneach le tús a chur lena aistear ollscoile i gColáiste Mhuire Gan Smál, Luimneach. Tá Darragh ar ais i gCorcaigh dá bhliain dheireanach ag Coláiste na hOllscoile. Leanann Clodagh uirthi lena traenáil rothaíochta ag an gColáiste Ollscoile, BÁC beag beann ar an trácht nó aimsir. Pléann Anna an feachtas #misefosta agus ceist na tola in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh.
Sa dara clár faigheann Clodagh amach chomh haclaí agus atá sí. Faigheann Naoise bearradh gruaige óna chairde nua sula mbuaileann siad faoin gcathair. Tá Anna ag staideár dá scrúduithe Nollag sa mbaile i gCo. an Dúin. Eagraíonn Darragh cóisir na Nollag chun deireadh an téarma a cheiliúradh.
Sa tríú clár tá Anna faoi bhrú agus í ag obair i mbeár le linn Rag Week (le linn sheachtain phléarácaim). Téann Naoise chun páirce ar son fhoireann na bhfreisear i gColáiste Muire Gan Smál. Téann Darragh abhaile le haire a thabhairt dá sceach agus labhraíonn sé ar a mháthair. Tá Clodagh ag traenáil veileadróm i mBaile Átha Cliath.
I gclár deireanach na sraithe, tá Anna ag ullmhú le dul ar laethanta saoire i Vítneam tar éis a cuid scrúduithe deiridh téarma. Tá Clodagh ag teacht chuici féin sa mbaile i nGaoth Dobhair tar éis obráide. Tá Naoise sa mbaile lena rang ollscoile do chúrsa Gaeltachta. Cuireann Darragh clabhsúr lena thréimhse ollscolaíochta ag Bál na Gaeilge.Craolfar an tsraith ag 8pm gach Déardaoin ar TG4 ag tosú ar an 12ú Eanáir 2023
Ag tosú 12 Eanáir 2023 8pm ar TG4