Labhrann Áine Ní Bhreisleáin le daoine a tógadh ar Inis Bó Finne ó na 30idí i leith faoi nósanna agus pisreoga faoi chreideamh, bás, cleamhnais agus mórán eile sa chlár seo.
Ag cur síos ar an gclár, deir Áine: I samhradh na bliana seo fuair mé féin agus Damien Ó Dónaill deis cupla lá taifeadtha a dhéanamh le cuigear a chaith a nóige agus cuid mhaith dá saol fásta ar Inis Bó Finne, oileán amach ó chósta Dhún na nGall.
Theastaigh uainn labhairt le daoine a d'fhás aníos ó na 1930í agus 1940í ar aghaidh agus a mhair fríd athruithe móra sóisialta agus staire, agus deis a thabhairt daofa a scéalta agus cuimhní cinn a inse dúinn, cuid acu den chéad uair ar an raidió.
S'iad Dónal Phaidí Fhearraigh agus a dheirfiúr Áine Phaidí Fhearraigh McGarrigle, Méabha Whiting Nic Fhionnghaile agus a deartháir Micí Whiting Mac Aoidh agus Maggie Owenie Nic Pháidín a bhéas le cluinstin san dá chlár seo.