skip to main content

Scéalta Sheáin: The Life of Seán

The Life of Seán explores the lives of six Irish men called Seán as they reflect on their memories, regrets and joys.

Bhí saol iomlán éagsúil óna chéile ag rannpháirtithe an chláir seo; Seán Breathnach (An Ghráinseach, Co. Chill Chainnigh), Seán Ó Coigligh (Dún Dealgan, Co. Lú), Seán Ó Conghaola (Leitir Mealláin, Co. na Gaillimhe), Seán Ó Sé (Corcaigh), Seán Ó Loingsigh (Leitir Móir, na Gaillimhe) agus Seán Vail (An Sciobairín, Co. Chorcaí). Cuirfidh 'The Life of Seán / Saol Sheáin’ an spotsholas ar an seisear fad is a chaitheann siad súil siar ar an méid a thit amach dóibh go dtí seo, chomh maith leis na hathruithe atá feicithe acu i sochaí na tíre agus, fad is a labhrann siad faoi na spriocanna pearsanta atá fós le baint amach acu sa saol.

Labhrann gach Seán go hoscailte agus go macánta faoi na háiféala atá aige agus faoi na heachtraí is mó a ndeachaigh i bhfeidhm air - ó bhás tuismitheora, go dtí na dúshláin a bhaineann le gnéasacht agus néara-éagsúlacht, chomh maith le streachailt an andúiligh agus cinntí móra ar nós an tSagartacht a fhágáil.

Seán Ó Coigligh

Tá go leor grinn le braith i rith an chláir fad is a labhrann na Seáin faoi rudaí ar nós grá agus iad ag roinnt scéalta pearsanta i slí nádúrtha agus breá oscailte.

Cloisfear ón t-amhránaí mór le rá Seán Ó Sé, a labhrann faoin gcaidreamh atá aige lena bhean Eileen, faoin tslí a ndeachaigh bás a athair i bhfeidhm air agus faoin bplean atá aige imeacht ón saol ‘on a high note’.

Pléann Seán Vail an tréimhse a chaith sé sa gCabhlach i Meiriceá, an dúshlán a bhí i gceist bogadh go dtí an tír seo mar fhear aerach i 1991 agus faoin tslí go raibh coimhlintí aige le féin-mhuinín ó aois óg. Labhrann an t-iar oibrí Irish Rail, Seán Breathnach faoi ‘bheith ina andúileach mar fhear óg agus faoin tslí go bhfuil liosta spriocanna fós le baint amach aige ina shaol. Caitheann an t-iascaire Seán Ó Conghaola súil siar ar na h-athruithe a tháinig ar a shlí bheatha agus ar a áit dúchais agus labhrann sé faoin grá atá aige dá bhailliúcháin leabhar agus déantán stairiúla.

Déanann Seán Ó Coigligh machnamh ar a chuid frustruchais maidir leis an tslí go gcaitear leis an té a thógann an cinneadh gan a bheith ina Shagart níos mó agus faoin gcoincheap go bhfuil féin aitheantais fite fuaite le gairm bheatha an duine.

Labhrann Seán Ó Loingsigh ó Leitir Móir faoin tslí aisteach a thosnaigh a chaidreamh leis an tabac agus faoin ról a bhí, agus atá anois, ag ‘lucht an údaráis’ in Éirinn maraon lena smaointí faoin mbás.

Saol Sheáin, 28 Nollag ar RTÉ ONE ag 18:30.