Labhair muid le craoltóir de chuid RTÉ Raidió na Gaeltachta, Dara Ó Cinnéide faoi thuas sealanna agus thíos sealanna na bliana seo agus a bhfuil roimhe in 2023.
Cén cineál bliain a bhí agat in 2022?
Dála na haon bhliain eile, bhí idir mhilis is searbh inti. Bhí mórán iontaisí againn, ní lú ina measc ná gur bhuaigh Ciarrraí craobh na hÉireann don gcéad uair le hocht mbliana ach taibhsítear dom go raibh an bris ag teacht níos minicí ná an bua i 2022. Cailleadh cairde, gaolta agus comhghleacaithe agus fágann san a rian féin.
Maidir le do chuid oibre, an bhfuil buaicphointí áirithe a sheasann amach duit?
Bliain ar leith ab ea í seo do Raidió na Gaeltachta agus sinn ag ceiliúradh leath chéad bliain ár mbunaithe agus i measc na n-imeachtaí a bhí ar bun chun aitheantas a thabhairt dó san, bhí sraith craoltaí seachtracha i mí Lúnasa ag an Saol ó Dheas agus sinn i measc na ndaoine a bhí go maith dúinn i gcaitheamh na mblian. Bhaineamair ana thaitneamh as ár gcamchuaird ar na ceantair Ghaeltachta an tseachtain sin..
Éist anseo leis An Saol Ó Dheas ag craoladh beo ó Londain.
We need your consent to load this rte-player contentWe use rte-player to manage extra content that can set cookies on your device and collect data about your activity. Please review their details and accept them to load the content.Manage Preferences
Cad a dhéanfaidh tú don Nollaig agus an bhfuil aon traidisiún faoi leith agat?
Is breá liom scaoileadh fés na cnoic aimsir na Nollag agus dul ar shiúlóidí fada síos isteach an Leithtriúch. Bíonn a dhiamhracht féin ag baint le Ahifreann Oíche Nollag chomh maith. É sin agus Lá an Dreoilín leis na leanaí agus comhluadar na gcomharsan ag críochnú leis an ngalún i dtábhairne an Bhreathnaigh ar an mBóthar.
Ag féachaint chun cinn, an leagann tú síos spriocanna duit féin agus cad leis a bhfuil tú ag súil?
Ní duine mé a chuireann spriocanna roimis sa tslí sin ach glacaim leis an saol is an aimsir mar a thagann sé. Dála na mblianta eile, bím ag súil leis an athrú ama a chuireann faid leis an lá san earrach agus le teacht na sméara dubha i ndeireadh an tsamhraidh.