skip to main content

Craoladh & craic le cairde: Súil siar le hÁine Ní Bhreisleáin

Labhair muid leis an gcraoltóir Áine Ní Bhreisleáin le RTÉ Raidió na nGaeltachta faoin mbliain a bhí aici, an Nollaig atá ar na bacáin agus a bhfuil roimpi in 2023.

Cén cineál bliain a bhí agat in 2022?

Bhí bliain ghnóthach ann i mbliana ó thaobh na hoibre de, le Bladhaire agus Beo ar Éigean – craoltaí seachtracha agus ceol beo ar ais arís leis an chlár raidió agus duais Oireachtais.

Bhain mé sult mhór as a bheith ag obair ar an fheachtas Creidim Ionat le Beo ar Éigean agus leis an fhear grinn Michael Fry – tréimhse thar a bheith gnóthach ach taitneamhach.

Maidir le do chuid oibre, an bhfuil cláracha a sheasann amach duit?

Bhí sé speisialta a bheith ar ais i measc na nGael ag craoladh beo Oireachtas na Samhna, le ceol ar dóigh, neart craic agus carachtéirí.

Sheas clár Bhladhaire de 30 bliain na Cultúrlainne amach domh, pobal bríomhar, cenanródaíoch a chuir oiread d'fháilte romhainn ar Bhóthar na bhFál I mBéal Feirste.

Chuir sé bród orm a bheith ina measc dár gclár ag deireadh mhí Aibreán – daoine spreagúla agus na glúnta éagsúla ag meascadh le chéile le líonra iontach teanga agus siamsaíochta a chruthú sa chathair.

Áine le Michael Fry

Cad a dhéanfaidh tú don Nollaig agus an bhfuil aon traidisiún faoi leith agat?

Ba mhaith liom sos a ghlacadh, cé nach mbeidh mé iomlán saor idir Nollaig agus an Bhliain Úr! Bíonn plean agam i gcónaí cúpla scannán úr a choimheád agus scíste a ghlacadh – agus freastal ar imeachtaí Scoil Gheimhridh Ghaoth Dobhair. Níl mé cinnte an traidisiúin atá ann ach le cúpla bliain bíonn grupa again ag snámh ag an Nollaig agus an Bhliain Úr- fuar ach mothaíonn tú go bhfuil éacht bainte amach agat ina dhiaidh.

Ag féachaint chun cinn, an leagann tú síos spriocanna duit féin agus cad leis a bhfuil tú ag súil?

Ní duine mé a chuireann spriocanna nó rúin atá iontach daingean romham ar Lá na Bliana Úire ach tá súil agam go mbeidh 2023 rathúil agus sláintiúil, le neart taistil,tograí úra oibre agus deiseanna mo chairde a fheiceáil