TG4 28 Nollaig 9.20pm
Is duine de mhórphearsana an chultúir chomhaimseartha é Paul Muldoon agus san fhadscannán faisnéise dátheangach nua seo atá á léiriú ag an chomhlacht Feirsteach Below The Radar TV agus á stiúradh ag an stiúrthóir cáiliúil Alan Gilsenan agus á léiriú ag Stephen Douds, tá an saol agus an teanga faoi chaibidil ag an fhile thar shraith de chomhshaothair a rinneadh i gcomhar le sár-réimse ealaíontóirí, Paul Simon, Liam Neeson, PJ Harvey, Bono, Ruth Negga, Paul Brady, agus Iarla Ó Lionáird ina measc.
I dtaca le Muldoon de, a rugadh in Ard Mhacha agus a bhain an duais Pulitzer, tá an ceol beagnach chomh tábhachtach céanna leis an fhilíocht. Creideann sé gur beag ar fad atá idir dán agus liricí amhráin. Na heachtraí tábhachtacha ina shaol cruthaitheach, ón uair a thosaigh sé ag cumadh dánta Gaeilge agus é ina bhuachaill scoile, a bheidh á phlé ag cuid mhaith de na ceoltóirí ar oibrigh Paul leo – i bhfocail a chum sé féin go speisialta. Is léiriú ann féin é ar fhilíocht Paul Muldoon an leagan amach uathúil nuálach atá ar an scannán Gaeilge seo, filíocht aigeanta atá lán de thagairtí agus is é Paul féin atá i mbun na reacaireachta ar an chlár.
Tá tréimhsí caite ag Paul ar dhá thaobh an Atlantaigh le linn a shaoil phearsanta agus ghairmiúil. Thosaigh sé amach ag obair ina léiritheoir raidió leis an BBC i mBéal Feirste agus ba é buaic a shaoil ghairmiúil é nuair a ceapadh in ollúnacht na Filíochta in Ollscoil Princeton é. Tá ardmheas ar Muldoon, agus tá a shliocht sin ar an líon mór dá chuid cairde ceoil agus dá lucht aitheantais a ghlac páirt sa chlár seo chun cur síos a dhéanamh ar a shaol.
Dúirt an file é féin "Nuair a tosaíodh ag caint ar dtús faoi chlár faisnéise a dhéanamh ar mo shaol, bhí imní orm go mbeadh an leagan amach céanna sin air, is é sin an príomhagallamh a bheadh briste suas ag go leor míreanna díomsa ag breathnú uaim in éineacht le tuairimí criticiúla críonna deisbhéalacha na maithe agus na móruaisle. Clár a bheadh an-leadránach ar fad. Bhí ríméad orm mar sin nuair a thuig Alan Gilsenan an fhís a bhí agam do scannán nach mbeadh an seanleagan amach céanna le gach clár faisnéise eile air. Bhí mé an-sásta freisin go raibh an-fhonn ar Below the Radar chomh maith le BBC agus TG4 tacú leis an díocas a bhí orainne rud éigin as an ngnáth a dhéanamh."
Arsa stiúrthóir an scannáin, Alan Gilsenan "B'iontach an rud é dul ar aistear aisteach ceoil le Paul Muldoon trína shaol agus a shamhlaíocht nach bhfuil deireadh ar bith léi - agus an comhshaothar a rinne sé leis an oiread sin ceoltóirí, amhránaithe agus cairde den scoth a thaifeadadh. Ní dhéanfaidh mé dearmad go deo ar na cuimhní sin ná ar na daoine a casadh orainn agus tá súil agam go mbeidh sé sin le feiceáil sa scannán seo."
Dúirt léiritheoir feidhmiúcháin Below the Radar TV, Máire Bhreathnach "'Bhí muid an-sásta go deo maoiniú a fháil chun an scannán seo a dhéanamh tríd an scéim AMHARC, scéim iontach a thacaíonn le mórléirithe scannáin faisnéise ar shaol agus ar dhéantús na n-ealaíon i dTuaisceart Éireann nó ar ealaíontóirí arb as Tuaisceart Éireann iad. Bhí sé mar sprioc againn ón tús scannán cruthaitheach, nuálach a dhéanamh ar Paul Muldoon agus ar an chaidreamh atá aige leis an teanga ar bhealach úr nua."
TG4 28 Nollaig 9.20pm