skip to main content

Ar Lorg na Fírinne

Dé Céadaoin an 14 Nollaig ag 9.30pm

Leanfaidh an scannán nua seo teaghlaigh íospartaigh na dtrioblóidí agus iad sa tóir ar an bhfírinne faoi bhás a ndaoine muinteartha agus ag iarraidh a saol scriosta a chur le chéile arís.

Chóir a bheith 25 bliain tar éis Chomhaontú Aoine an Chéasta, níl aon chuma ar an scéal go bhfuil oidhreacht na coimhlinte seirbhe i dTuaisceart Éireann ag maolú. Bhí freagairt Rialtas na Breataine d'fhoréigean na n-eagraíochtaí paraimíleata bunaithe ar fhaisnéis, ar fhrithbheartaíocht agus ar arm de ghníomhairí rúnda a raibh cead tugtha dóibh marú a dhéanamh nó marú a éascú. Bhí toradh na hoibre sin tubaisteach do líon mór daoine mar go raibh orthu déileáil ar dtús le dúnmharú foréigneach a ndaoine muinteartha agus ansin le rúndacht urraithe an stáit a bhfuil mar thoradh air go bhfuil an chúis ar maraíodh iad fós faoi cheilt.

Bhí feachtais bhuamála, feallmharuithe agus sceimhle ina ngnéithe coitianta den choimhlint i dTuaisceart Éireann idir Protastúnaigh agus Caitlicigh; Aontachtaithe agus Náisiúnaithe; Dílseoirí agus Poblachtaigh. Mhair an choimhlint sin tríocha bliain, maraíodh 3,700 duine lena linn agus fágadh cithréim ar 40,000 duine eile dá thoradh. Ba é Tuaisceart Éireann an cúlra do chogadh ar leith ar thalamh na hEorpa: cogadh fada ar dhéine íseal, ina raibh freagairt na Breataine don sceimhlitheoireacht bunaithe ar fhaisnéis, insíothlú grúpaí sceimhlitheoireachta, bolscaireacht agus uaireanta, bréagnuacht.

McGurks Bar

Sa lá atá inniu ann, bíonn sceithirí agus Éireannaigh a bhí thíos le gníomhartha ghníomhairí faisnéise na Breataine ag tabhairt iarmhairtí an chogaidh sin don tsochaí agus do shaoirse an duine chun solais. Cogadh frith-éiritheach fealltach a bhí sna Trioblóidí, agus bhí siad ina dtuar ar an gcomhrac reatha i gcoinne na sceimhlitheoireachta Ioslamaí san Eoraip - tá sé le tuiscint anois gur rabhadh é "Meafar Thuaisceart Éireann".

Síníodh Comhaontú Aoine an Chéasta ar an gcoinníoll go mbainfí an teorainn mhíleataithe idir limistéar na Breataine agus Poblacht na hÉireann. Mar a léirítear le saol corrach Phrótacal Thuaisceart Éireann, níl dabht ar bith ach go bhfuil ceist na teorann i dtreis arís.

Craolfar Ar Lorg na Fírinne ar TG4 Dé Céadaoin an 14 Nollaig ag 9.30pm