Labhair painéal an Luain ar Tús Áite, RTÉ Raidió na Gaeltachta mar gheall ar ráiteas an pholaiteora, Aodhán Ó Ríordáin mar gheall ar an riachtanas Gaeilge atá ann le bheith i do mhúinteoir sa tír seo.
Dúirt Ó Ríordáin go bhféadfadh an riachtanas a bheith ina bac dóibh siúd ó chúlraí éagsúla tabhairt faoi ghairm an mhúinteora.
Ag caint ar an ráiteas seo dúirt Dr Art Hughes go bhfuil imeallú á dhéanamh ar an teanga, cé go bhfuil an-dul chun cinn déanta ag earnáil na Gaelscolaíochta ó thuaidh agus ó dheas.
Deir Lucinda Glynn gur ráiteas an-ait agus cúng atá sa ráiteas ó Ó Ríordáin mar go bhfuil an oiread cúiseanna ann go bhfuil ganntanas múinteoirí ann, cursaí tithíochta, pá, costas maireachtála srl. nach cúis í seo a bheadh ard ar mórán liostaí.
Irish requirement for teaching training a barrier to a diverse workforce - @AodhanORiordain
— The Labour Party (@labour) December 11, 2022
"The need for Higher Level Irish at Leaving Cert level jars with other mandatory subjects.
👉 https://t.co/2rw7YT8iVh.. pic.twitter.com/u9ahKm8jkX
Labhair Katie Whelan mar gheall ar a taithí ag plé le hábhar oidí nach raibh an Ghaeilge ar a dtoil acu chun iad a thabhairt suas go caighdeán an tseomra ranga. Ag caint orthu siúd atá i mbun traenála le bheith ina múinteoirí bunscoile, luaigh sí nach bhfaigheann siad go leor ama leis an nGaeilge agus dá réir go bhfuil athbhreithniú ag teastáil ar an teagasc agus ar an modh scrudaithe ach ní ar an leibhéal teanga atá de dhíth.