Tuesday 13th December RTÉ ONE @ 19.00
This episode of Cloch le Carn looks back at the life of Brendan Kennelly, who was one of Ireland's most distinguished and best loved poets, as well as a renowned teacher, raconteur and cultural commentator.
San eipeasóid seo de Cloch le Carn, féachfaimid siar ar shaol Brendan Kennelly, a bhí ar dhuine de na filí in Éirinn is mó a raibh cáil agus gean air, mar aon le bheith ina mhúinteoir, scéalaí agus tráchtaire cultúir mór le rá.
Rugadh Kennelly i mBaile Átha Longfoirt, Co. Chiarraí sa bhliain 1936 agus, i dteannta móruaisle eile na litríochta as an gceantar, leithéidí George Fitzmaurice, Maurice Walsh, Bryan MacMahon agus cara mór Kennelly, John B. Keane, rinne sé a chuid le tírdhreach liteartha thuaisceart Chiarraí a mhúnlú.
Imreoir cumasach CLG a bhí in Kennelly. Bhain sé scoláireacht amach chun staidéar a dhéanamh ar an bhFraincis agus ar an mBéarla i gColáiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath agus tar éis dó a chéim a bhaint amach, d'fhág sé uaidh saol an léinn ar feadh scaithimh agus chuaigh sé i mbun oibre le BSL agus mar stiúrthóir bus i Londain. D’fhill sé ar Choláiste na Tríonóide sa bhliain 1963, áit ar ceapadh ina léachtóir sóisearach é. Is ann a d’fhan sé ina Ollamh leis an Nualitríocht ón mbliain 1973 go dtí gur éirigh sé as sa bhliain 2005. Bhí sé chomh paiseanta céanna faoi bheith ag múineadh Béarla ná mar a bhí sé faoi bheith ag cumadh filíochta, agus spreag sé na mílte mac léinn i gColáiste na Tríonóide. Bhí cónaí air sa choláiste ar feadh na mblianta, ba phearsa lárnach é ar champas an choláiste agus i gcaiféanna agus siopaí leabhar ar na gaobhair, agus bhí aithne mhaith air as a chuid fánaíochta ar na sráideanna in aice láimhe, agus as an nós a bhí aige dreas cainte a dhéanamh le cairde agus le strainséirí araon.
D’fhoilsigh sé os cionn 40 leabhar, idir fhilíocht, úrscéalta agus drámaí, lena n-áirítear a shaothair cheannródaíocha chonspóideacha Cromwell agusThe Book of Judas. Chuaigh an dara ceann sin go barr liosta na leabhar is mó díol nuair a foilsíodh é sa bhliain 1991. Ba mhinic é le feiceáil ar The Late Late Show ina thráchtaire agus ina aoi agus is cinnte go gcuimhneofar air go brách i dtaca le ceann de na míreanna is nótáilte ar an gclár nuair a d'aithris sé a dhán Begin chun sólás a thabhairt do bhuaiteoir comórtais ar maraíodh a iníon an oíche roimh ré.
Labhair sé go hoscailte macánta faoin bhfadhb óil a bhí aige, agus faoin gcaoi ar bheag nár mharaigh sí é. D’éirigh sé as an ól ar bhonn buan in aois a chaoga bhliain, ach faoin tráth sin bhí deireadh tagtha lena phósadh leis an bhfile agus bean léinn as Meiriceá, Peggy O’Brien. Bhí iníon amháin ag Brendan agus Peggy - Kristen, nó "Doodle" mar ab fhearr aithne uirthi. Bhí caidreamh an-dlúth idir í féin agus Brendan; ba é a crann taca, agus bhí sí féin ina crann taca aige, nuair a chuaigh an saol ina n-aghaidh. Ar an drochuair, d’imigh sise ar shlí na fírinne sé mhí sular bhásaigh Brendan é féin.
Chaith Brendan na 5 bliana deireanacha dá shaol san áit is ansa leis, Ciarraí, agus fuair sé bás i mí Dheireadh Fómhair 2021 tar éis diagnóis a fháil go raibh néaltrú air. Meantóir, sólásaí agus foinse inspioráide do chuid mhór daoine ab ea é, agus cuimhneofar air as a ghlór séimh, a chineáltas domhain, an chruthaitheacht a bhí go smior ann agus an bailiúchán suntasach saothar a d’fhág sé ina dhiaidh.
Cloch le Carn: Brendan Kennelly cloisfear ó rannpháirtithe éagsúla amhail neacht Brendan, an staraí Mary McAuliffe, a dhlúthchairde agus comhfhilí Theo Dorgan agus Gabriel Fitzmaurice agus an craoltóir Evelyn O’Rourke a raibh Kennelly mar léachtóir aici i gColáiste na Tríonóide.
"Bhí aithne aige ar léarscáil na cathrach nach bhfuil ag aon duine eile. Bhí Brendan oscailte i gcónaí don saol, don eachtra, don mhistéir agus don duine."
Theo Dorgan
"Scríobh sé roinnt den fhilíocht is fearr dá chuid, an filíocht a scríobh sé níos déanaí ina shaol, tar éis dó an t-ól a thabhairt suas, agus ba neamhghnách an rud é d’fhile chomh cumasach sin, agus i bhfianaise chomh cumasach a bhí sé féin mar fhile go háirithe, teacht i mbláth arís chomh deireanach sin."
Mary McAuliffe
Cloch le Carn, Brendan Kennelly, 13 Nollaig ag 7pm ar RTÉ ONE