skip to main content

Caomhnú agus ceiliúradh cultúir: Ceol na nGael

In a brand-new authored documentary, commissioned to mark 50 years of Raidió na Gaeltachta, musician and national treasure Mairéad Ní Mhaonaigh explores the role the station has played in shaping her own career as a musician – and that of many other musicians of her generation and beyond.

The journey begins in 1960s Donegal, where Mairéad and her siblings were taught music by her father, Francie, but where traditional music was in decline and largely hidden behind the doors of peoples' homes.

And then in 1972 a new Irish-language station, Raidió na Gaeltachta came on the air, and enabled communities from different Gaeltachts to hear one another’s language and music, many for the first time.

Sa chlár faisnéise nua seo, a coimisiúnaíodh chun ceiliúradh a dhéanamh ar 50 bliain de RTÉ Raidió na Gaeltachta, déanfaidh an ceoltóir agus seoid náisiúnta Mairéad Ní Mhaonaigh iniúchadh ar an ról a bhí ag an stáisiún i múnlú a gairm bheatha féin mar cheoltóir - agus gairmeacha go leor ceoltóirí eile dá glúin féin agus den ghlúin a tháinig ina ndiaidh.

Éist anseo le Mairéad Ní Mhaonaigh ag caint le Pádraig Ó Sé ar Eachtraigh Dom faoin gclár Ceol na nGael.

We need your consent to load this rte-player contentWe use rte-player to manage extra content that can set cookies on your device and collect data about your activity. Please review their details and accept them to load the content.Manage Preferences


Thosaigh an t-aistear i nDún na nGall sna 1960idí, áit ar mhúin athair Mhairéid, Francie, ceol di féin agus dá deartháir agus deirfiúr. Mar sin féin, bhí meath ag teacht ar an gceol traidisiúnta ann an t-am sin agus istigh i dtithe is mó a chloistí ceol, i bhfolach ar an saol mór.

Agus ansin, sa bhliain 1972, tháinig stáisiún Gaeilge nua, Raidió na Gaeltachta, ar an aer agus chuir sé ar chumas phobail na nGaeltachtaí éagsúla teanga agus ceol a chéile a chloisteáil, agus i gcuid mhaith de chásanna, b'in an chéad uair acu an deis sin a fháil.

Chuaigh léiritheoirí raidió ó na trí stiúideo i nDún na nGall, Gaillimh agus Ciarraí amach ina bpobal féin agus thaifead siad ceol, caint agus amhráin, agus chruthaigh siad cartlann sárluachmhar ábhair a bheadh caillte murach sin - agus chraol siad an t-ábhar don náisiún ar fad.

Ní fhéadfadh aon súil a bheith ag duine ar bith de na cartlannaithe sin leis an tionchar a bheadh ag an obair sin ar na glúnta a bhí le teacht - ná leis an ról a bheadh ag na taifeadtaí sin in athbheochan an cheoil agus na hamhránaíochta traidisiúnta ar an oileán seo go ceann leathchéad bliain ina dhiaidh sin.

Mairéad agus a hiníon Nia ag coirmcheoil RnaG 50

Beidh seoda ceoil le Muireann Nic Amhlaoibh, laoch mór an tsean-nóis Sarah Ghriallais, Méabh Ní Bheaglaoich agus go leor eile ar an gclár. Leanfar duine de na ceoltóirí is mó in Éirinn a bhfuil gean orthu agus í ar thuras feadh bhord farraige iarthar na tíre, agus siar sa chartlann, tráth a dhéanfaidh sí machnamh ar mar a múnlaíodh a saol féin mar oirfideach de bharr na luath-thaifeadtaí sin.

Buailfidh sé le comhcheoltóirí agus comhchraoltóirí ar an mbealach, lena n-áirítear Neansaí Ní Choisdealbha, Michelle Nic Grianna agus Áine Hensey, agus míneoidh siad mar a thug an stáisiún spreagadh do ghlúin iomlán chun beocht a chur i dtraidisiún ceoil agus amhránaíochta na hÉireann.

Radio producers from the three studios in Donegal, Galway and Kerry went out into their communities and recorded music, speech and song, creating an invaluable archive of material that would otherwise have been lost - and broadcasting it to the nation.

None of those archivists could have foreseen the influence that this would have on future generations – or the role that those recordings would play in the revival of traditional music and song on this island over the next half-century.

Featuring performances by Muireann Nic Amhlaoibh, sean-nós legend Sarah Griallais, Méabh Ní Bheaglaoich and many more, Ceol na nGael follows one of Ireland's best-loved musicians on a journey down Ireland’s western seaboard, and back through the archives, as she reflects on how her own life as a performer was shaped by those early recordings.

She meets fellow musicians and broadcasters, including Neansaí Ní Choisdealbha, Michelle Nic Grianna and Áine Hensey along the way, and together they tell the story of how the station inspired a generation to breathe new life into the music and song tradition in Ireland.

Déanfar ceiliúradh ar RTÉ Raidió na Gaeltachta a bheith 50 bliain ar an bhfód in Ceol na nGael, clár faisnéise á chur i láthair ag Mairéad Ní Mhaonaigh de chuid Altan. Fiosróidh sí an ról tábhachtach atá ag an stáisiún i scéal an cheoil thraidisiúnta chomhaimseartha in Éirinn.

Ceol na nGael airs on RTÉ One on Thursday 8th December at 10.15.

Déanfar ceolchoirm comórtha caoga bliain RnaG, a taifeadadh i mBaile na hAbhann níos luaithe i mbliana, a chraoladh arís Dé Sathairn an 10 Nollaig ag 23.50 ar RTÉ One chomh maith.