skip to main content

Mairéad Ní Mhaonaigh ar oidhreacht Raidió na Gaeltachta

Labhair muid leis an gceoltóir agus amhránaí, Máiréad Ní Mhaonaigh faoi Ceol na nGael, clár teilifíse speisialta a fhéachann ar an nasc ar RTÉ Raidió na Gaeltachta agus a phobail éisteachta a bheidh le feiceáil Déardaoin, 8 Nollaig ag 10.15 ar RTÉ ONE.

Deir tú sa chlár gur cuimhin leat nuair nach raibh RnaG ann. Cad í oidhreacht an raidió, dár leat?

Sílim gur an rud is mó a rinne an raidió nó an teanga a chaomhnú do na glúnta atá le teacht agus ardán mar is ceart a thabhairt do lucht an cheoil Ghaelaigh.

Tá an ceol ina bhunchloch sa raidió. Cad iad na cláracha is mó a thaitníonn leatsa?

Is breá liom Nead na Fuiseoige ar maidin mar nach bhfuil ann ach meascán mearaí de cheol traidisiúnta gan caint! Chomh maith le sin, tá dúil mhór agam i gcláracha Neansaí Ní Choisdealbha, Peadar Ó Riada, Muireann Nic Amhlaoibh agus dar ndóigh Ciarán Ó Maonaigh féin!

We need your consent to load this rte-player contentWe use rte-player to manage extra content that can set cookies on your device and collect data about your activity. Please review their details and accept them to load the content.Manage Preferences


Agus sibh ag taifead an chláir, ar fhoghlaim tú níos mó faoin raidió?

D'fhoghlaim mé chomh tábhachtach agus atá an raidió ag bunadh na nGaeltachtaí go léir. Is cinnte gur an raidió an nasc dúinn uilig a bheith i dteagmháil agus scéalta móra na nGaeltachtaí eile a chluinstin.

Dá mbeifeá le cur síos gairid a dhéanamh ar an gclár, cad a déarfá?

'Séard atá in Ceol na nGael ná sracfhéachaint ar bhuaicphointí saol RnaG le caoga bliain ó bunaíodh é i 1972. Ní féidir scéal iomlán an raidió sin a phlé i gcaoga nóimeád. Ach is iontach go bhfuil an clár seo déanta le ceiliúradh a dhéanamh ar leathchéad bliain an raidió ar an fhód.

Ceol na nGael, Déardaoin, 8 Nollaig ag 10.15 ar RTÉ ONE