skip to main content

Cloch le Carn: Jim Fahy, craoltóir cumasach agus cara

Dé Máirt an 6 Nollaig, RTÉ ONE @ 19.00

Sa chéad chlár sa tsraith nua de Cloch le Carn, déanfar machnamh ar ghairm bheatha shuntasach Jim Fahy nach maireann, fathach craoltóireachta RTÉ a thuig go maith an bealach is fearr scéal a bhriseadh agus a ghabhadh sa tóir ar an scéal sin go díocasach.

Nuair nach raibh sé ar cheamara, fear an-príobháideach ab ea Jim agus choinníodh sé sonraí a shaoil féin agus shaol a theaghlaigh aige féin.

Ba é Jim, a bhásaigh in aois a chúig bliana is seachtó, an comhfhreagraí réigiúnach is faide seirbhís le RTÉ nuair a d'éirigh sé as sa bhliain 2011. Tar éis tús a chur lena ghairm bheatha iriseoireachta leis an nuachtán The Tuam Herald, ghearr sé an léim mhór chuig saol na craoltóireachta ag tús na 1970idí agus chuir sé athrú as éadan ar an gcur chuige i leith tuairisciú réigiúnach.

I gcaitheamh na mblianta i ndiaidh sin, tharla sé de réir a chéile nár luaithe a chloistí glór Jim ar an raidió agus ar teilifís ná a thosaítí ag smaoineamh ar an saol in Iarthar na hÉireann. Leis na deicheanna de bhlianta, agus é ag cur feasacháin i láthair gach oíche, rinne sé cur síos ar gach cor agus casadh i saol na mbailte agus na sráidbhailte sa réigiún, idir scéalta áthais, scéalta crá croí, scéalta éadóchais agus scéalta gliondair. Ach ní iriseoir áitiúil amháin ab ea Jim; thaistil sé chuig an Afraic, an Úcráin, Meiriceá Theas, Háítí agus áiteanna eile i bhfad i gcéin, agus rinne sé saol daoine a raibh tionchar ag gorta, cogadh, bochtaineacht agus éagóir orthu a dhoiciméadú.

We need your consent to load this rte-player contentWe use rte-player to manage extra content that can set cookies on your device and collect data about your activity. Please review their details and accept them to load the content.Manage Preferences


Ar feadh 38 bliain, ba é Jim an duine is mó a bhíodh tóir air nuair a thagadh scéal chun solais; bhí gean air, bhí meas air, agus níos mó ná aon rud eile, bhí muinín ag muintir Iarthar na hÉireann agus ag daoine níos faide ó bhaile as.

Ghnóthaigh sé breis agus daichead gradam náisiúnta agus idirnáisiúnta as a chuid scannánóireachta, ach mar sin féin, sheachnaíodh sé an spotsholas agus ní bhíodh sé riamh sa tóir ar a mbaineann le bheith i do "duine mór le rá." Ba mhór aige a chuid príobháideachta, agus chosain sé go fíochmhar í. Chomh fada agus a bhain sé le Jim, ní raibh rud ar bith níos tábhachtaí ná an scéal ná tóraíocht an scéil.

Mother Theresa agus Jim Fahy

Fuair Jim Fahy bás i mí Eanáir 2022. Labhróimid le cairde, comhghleacaithe agus daoine muinteartha a bhfuil cuimhne acu ar Jim Fahy mar dhuine a bhí ina mheantóir cruthanta, ina sheoltóir agus ina chnocadóir díograiseach, ina fhear céile agus ina athair dílis, agus ina sheanathair ceanúil.

Don chuid is mó dínn, an oidhreacht atá fágtha aige ná mar dhuine a thug deis cainte dóibhsean nach gcloistear uathu go hiondúil, mar dhuine a mbíodh gnóthaí uile Iarthar na hÉireann ar eolas aige agus mar dhuine a bhí ina annálaí ar feadh breis is daichead bliain, a rinne taifead ar shaol a bhí ag athrú go sciobtha do na glúnta a bhí le teacht.

Cuimhneoidh mise ar Jim mar mo mheantóir, agus an fear a thosaigh mo shaol teilifíse

- Maura Derrane

Aon rud conspóideach a bhí tar éis tarlú, an chéad rud a déarfadh daoine ná "an raibh tú i dteagmháil le Jim Fahy?"

- Michael D. Higgins, Uachtarán na hÉireann

Ba dhuine an-phríobháideach é Daid, agus throid sé go ciúin cróga in aghaidh a ailse, istigh san ospidéal agus sa mbaile le mo mham faoina cúram grámhar - Aideen Fahy

Cloch le Carn, Tuesday, 6 December on RTÉ ONE at 7pm