Scríobhann Bainisteoir Cumarsáide agus Margaíochta Údarás na Gaeltachta, Gormfhlaith Ní Thuairisg faoin scéim Cumasú/ Empower a fhéachann le fiontairí ban a chumasú.
Is minic go dtarlaíonn sé.
Beidh buíon ban ina suí le chéile - iad ag caint, ag ól caifé, ag plé nithe an tsaoil - agus déarfaidh duine acu "Bhfuil a fhios agat céard a theastaíonn go géar – rud le X a dhéanamh, seirbhís le Y a chur ar fáil! "
Aontaíonn gach duine gur an-smaoineamh a bheadh ann.
Agus sin é a dheireadh.
Nó beidh bean léi féin. Amuigh ag súil. Ag scuabadh an urláir. Ag suí ag an ríomhaire san oifig. Agus smaoineoidh sí ar bhealach níos fearr le réiteach a fháil ar fhadhb a fheiceann sí go laethúil, nó freagairt do riachtanas ar leith. Aip a chuideodh. Uirlis a chabhródh. Seirbhís nua.
Agus sin é a dheireadh.
Agus leanann na mná ar aghaidh lena saol, i bpoist nach dtugann an oiread sin sásamh dóibh b'fhéidir, nó i mbun cúraimí an tí sa mbaile.
Ach nár bhreá an rud é da bhfeicfeadh na mná seo deis lena smaoineamh gnó a thabhairt níos faide? An fhís atá acu a fhíorú? É a phlé le daoine a bhfuil eolas agus taithí acu ar an saol fiontraíochta?
Is le n-aghaidh sin atá an clár nua fiontraíochta do mhná CUMASÚ, atá a reáchtáil ag Údarás na Gaeltachta i gcomhar le EMPOWER. Tá EMPOWER (atá nasctha le hOllscoil Teicneolaíochta an Atlantaigh (ATU)) ag reáchtáil clár d’fhiontraithe ban le roinnt blianta, atá dírithe go sonrach ar mhná a bhfuil smaoineamh gnó acu agus atá ag iarraidh tástáil a dhéanamh ar an smaoineamh sin sa mhargadh. Anois tá an cúrsa seo le soláthar go sonrach do mhná Gaeltachta.
Ní cúrsa fada é CUMASÚ – 12 seachtainí, páirtaimseartha – ach is tús phointe iontach é do mhná a bhfuil smaoineamh fiontraíochta acu. Bíonn meantóirí a bhfuil saineolas acu ar ghnóthaí luathstaid ag tabhairt cuidiú agus comhairle dóibh le linn an turais. Tá an cúrsa curtha le chéile go sonrach le go mbeadh sé feiliúnach do mhná a d’fhéadfadh cúramaí baile a bheith orthu chomh maith (mar gur mar sin atá an saol!)
D'éirigh thar barr leis na cúrsaí EMPOWER ó bunaíodh iad 5 bhliana ó shin; d’eascair 65 post astu agus cruthaíodh 148 táirge nua. Tá muid ag iarraidh anois go mbeidh an deis seo ar fáil do mhná na Gaeltachta, ag tosú le mná i gceantair Ghaeltachta na Gaillimhe agus Mhaigh Eo.
Tá an spriocdháta ag teannadh linn (5pm 16 Nollaig)
Tá an líon spásanna teoranta.
Ach nár bhreá an rud trial a bhaint as? Céard atá le cailleadh agat? Agus d’fhéadfadh go leor a bheith le buachaint!
Breis eolais le fáil ó paid@udaras.ie nó pamela@udaras.ie
Foirm iarratais: https://www.empowerher.ie/