Bhí bliain den scoth ag foilsitheoirí, scríbhneoirí agus léitheoirí leabhar Gaeilge. Seo liosta de na leabhair a sheas amach don eagarthóir agus a bheadh go deas faoin gcrann Nollag.
1. EL le Thaddeus Ó Buachalla
Bronnadh leabhar Gaeilge na bliana ar an leabhar seo leis an údar as Corcaigh, Thaddeus Ó Buachalla. Seo mar a labhair sé ar an gclár Adhmhaidin faoin mbua.
Is féidir leat é a cheannach anseo
We need your consent to load this rte-player contentWe use rte-player to manage extra content that can set cookies on your device and collect data about your activity. Please review their details and accept them to load the content.Manage Preferences
2. Tonn Teasa le hAilbhe Ní Ghearbhuigh
Bailiúchán nua dánta leis an fhile aitheanta Ailbhe Ní Ghearbhuigh as Ciarraí. Sna dánta seo tugann an file guth d'eispéireas na mban sa tsaol chomhaimseartha, cuirtear síos ar an mháithreachas agus ar shaol na máthar agus tugtar a dhúshlán den insint seanchaite ar ról na mban sa tsochaí agus déantar é go fíor, paiteanta agus go liriciúil.
Is féidir leat an leabhar a cheannach anseo
We need your consent to load this rte-player contentWe use rte-player to manage extra content that can set cookies on your device and collect data about your activity. Please review their details and accept them to load the content.Manage Preferences
3. Khalil, aistrithe go Gaeilge ag Máirín Nic Con Iomaire.
Yasmina Khadra an t-ainm cleite atá ar an scríbhneoir Ailgéireach Mohammed Moulessehoul, a rugadh in 1956. Chaith sé seal ina oifigeach sinsearach in airm na hAilgéire sula ndeachaigh sé ar deoraíocht chun na Fraince, áit a bhfuil cónaí air ar an gcúlráid. Tá riar maith úrscéalta scríofa aige agus is é an saol Moslamach is cás dó ina shaothar.
Is féidir leat an leabhar a cheannach anseo
We need your consent to load this rte-player contentWe use rte-player to manage extra content that can set cookies on your device and collect data about your activity. Please review their details and accept them to load the content.Manage Preferences
4. Bláth na dTulach
Cnuasach gearrscéalta comhaimseartha as Cúige Uladh. 28 scéal ó 28 scríbhneoir, bailithe le chéile ag Réaltán Ní Leannáin le réamhrá leis an Ollamh Lillis Ó Laoire. Tá podchraoladh ag dul leis an leabhar seo.
Is féidir leat an leabhar a cheannach anseo
We need your consent to load this rte-player contentWe use rte-player to manage extra content that can set cookies on your device and collect data about your activity. Please review their details and accept them to load the content.Manage Preferences
5. Peig Sayers – Níl Deireadh Ráite
Comharba an leabhair iomráite 'Labharfad le Cách / I Will Speak to You All' a tháinig amach in 2009.
San eagrán álainn seo, tá athmháistriú déanta ar thaifeadtaí a rinne Coimisiún Béaloideasa Éireann le Peig fad a bhí sí san ospidéal i mBaile Átha Cliath in 1952. I measc na dtaifeadtaí tá scéalta seanachais agus paidreacha mar ba dhual do Pheig. Mar aon leis sin, tá trascríobh ann i nGaeilge agus aistriúchán Béarla in éindí leis. In eagar ag Bo Almqvist (nach maireann) agus Pádraig Ó Héalaí.