skip to main content

Traenáil an tréidlia

Labhair Emma Nic Lochlainn le hÁine Ní Bhreisleáin ar Bhladhaire ar RTÉ Raidió na Gaeltachta faoina gairm ag obair le hainmhithe agus an clár teilifíse ina raibh sí páirteach, Saol an Tréidlia ar RTÉ ONE.

Theastaigh ó Emma a bheith ina tréidlia ar feadh a saoil agus is iad na hainmhithe a spreag í an cosán seo a leanúint. D'fhreastail Emma ar UCD leis an gcúrsa tréidliachta a dhéanamh, an t-aon áit ar féidir tabhairt faoin traenáil in Éirinn.

Deir Emma nach mbíonn aon dhá lá mar an gcéanna sa phost seo agus go dtaitníonn an éagsúlacht seo go mór léi. Cé gur breá léi a post deir sí go mbíonn sé dúshlánach labhairt le daoine faoina gcuid peataí nuair nach bhfuil siad ar fónamh ach go dtuigeann sí tábhacht na bpeataí d'Éireannaigh.

Ag caint faoin gclár Saol an Tréidlia, mhínigh Emma go dtugann sé léargas maith do dhaoine atá ag smaoineamh faoin bpost agus iad ag fás aníos.

Is féidir leat féachaint siar ar an tsraith ina iomlán anseo.