Sular bhfógrófar Gradam Love Leabhar Gaeilge ag na An Post Irish Book Awards, beidh sliocht ó na leabhair atá ar ghearrliosta na bliana seo á fhoilsiú againn. Seo sliocht as Súil an Daill le Darach Ó Scolaí.

MÍ AN MHÁRTA 1539, tráth a raibh Ó Néill .i. Conn Bacach mac Coinn, ar a chamchuairt i ndeisceart a thiarnais, tháinig biatach maith dá chuid as na hOirthir chuige chun réiteach a iarraidh ar imreasán. Bhí pobal na dúiche chomh mór in árach a chéile, arsa an biatach, go raibh scoileanna gan freastal, bóithre gan taisteal, agus goirt gan treabhadh le faitíos roimh bhradaíl is bithiúntas, roimh dhíbheirg is dúnorgain.

Tug Conn cluas dá bhiatach agus toradh dá iarratas gur thug cuireadh chun oireachtais d'uaisle uile na dúiche sin. Trí lá is trí oíche a chaith Conn agus a chomhluadar cois locha i dteach a bhrughadh i mbaile Uí Lorcáin gur fógair a bhreitheamh go rabhadar tagtha ar réiteach a bhí sásúil do chách. Mhóidíodar a ndílseacht dá dtiarna agus a gcairdeas dá chéile ar Chlog Bán Ard Mhacha, scoireadh teach an oireachtais, agus d’fill uasal is íseal ar a dhea-bhaile féin faoi shíth is faoi shíocháin. An mhaidin sin, fad a bhí a mhuintir ag ullmhú go callánach chun bóthair arís — idir cheithearn is chléir, bhantracht, mhacra is ghiollanra — mhol a reachtaire aeraíocht faoin sliabh do Chonn óir bhí an ghrian ag soilsiú trí chuisne an earraigh ar an talamh briosc tirim faoina gcosa agus na fuiseoga ag ceiliúr go hard sa spéir ghlan os a gcionn.

'Má thugann tú beagchuideachta siar go Clann Chearnaigh leat,’ arsa an reachtaire, ‘tabharfadsa an giollanra ó dheas go Loch Goilí go mbeimid i dteach Uí Anluain romhat anocht.’ ‘Tá go maith,’ arsa Conn. Gabhadh an t-eachra, agus ghluais sé roimhe go tostach as Maigh Lorcáin lena bheirt mhac, lena cheann comhairle, lena sheabhcóir, lena ghiollaí, agus le dhá fichead óglach, agus níor íslíodar dá n-eacha gur bhaineadar fásach ciúin sléibhe is caschoille amach i gClann Chearnaigh, na coiníní ag imeacht de phocléim uathu faoin raithneach feoite rua agus na meantáin ag fuirseoireacht sna driseoga loma máguaird. Scoradh an t-eachra agus scaoileadh an seabhac. Dreapadh go barr maoláin ísil ghlais a rinne Conn gur bhuail faoi ar bhollán buí cloiche, a smig ina bhois, a uillinn ar a ghlúin, a sháil báite sa talamh, agus a shúil in airde ar an seabhac ar guairdeall i bhfrimimintí an aeir. Ag tarraingt ar na trí fchid a bhí sé; é leathanghuailleach, dearg-ghnúiseach, liath-féasógach; folt tanaí rua ar a phlait bhricíneach dhearg.

É fiche bliain i bhfaitheas. Ina dhiaidh aniar a tháinig a bheirt mhac, iad ag baint na sála dá chéile ar an gcosán rite go barr na tulaí. Chaith Feilimí Caoch é féin anuas le taobh a athar. Eisean ba shine den bheirt: bunfear donnchiabhach in éadaí geala gáifeacha, paiste leathair ar leathshúil agus splanc an fiántais sa leathshúil eile, colm mar a bheadh deoir bhán faoi phaiste na súile. ‘An bhfuil sé in am agat pósadh arís?’ a deir sé ar feiceáil dhreach ghruama a athar dó. ‘Is fada gan chéile thú agus is fada sinne gan bhantiarna.’

‘Ní hé sin é ach é seo,’ arsa Conn. ‘Ba mhaith í an chomhdháil. Ba mhaith í murach aon ní amháin.’ ‘Agus cén ní é sin?’ ‘Gan Feilimí Rua mac Airt a theacht inár láthair.’ Fear gaoil dá gcuid an Feilimí eile siúd, agus ceann teaghlaigh ar shliocht de na Niallaigh sa bhFiodh i bhfíordheisceart an tiarnais. ‘Cén t-iontas sin,’ arsa Feilimí Caoch, ‘ós rud é go bhfuil Niallaigh an Fheá in earraoid linn ó gaireadh tusa ar Leac na Rí in áit duine díobh féin? Ach seanscéal é sin agus ó tharla gur ceann fne nua ar a theaghlach é an giolla rua seo, nach deis é seo lena mhealladh linn?’ ‘É a mhealladh, a deir tú?’ D’figh Conn a mhalaí ar a chéile. ‘Ach is mar chomhartha easumhlaíochta domsa a dhiúltaíonn sé cuireadh chun dála uaim,’ ar sé, ‘agus mura gcuirim iallach air, is mór an easonóir a bheas ann dom. Nach fíor dom é, a Fhir Dhorcha?’ Ba é an Fear Dorcha ab óige den bheirt deartháireacha: fear mórchnámhach dubh, brat odhar air agus ionar leathair marcaíochta. ‘Is fíor sin go deimhin is go dearfa duit, a athair dhil,’ ar seisean. ‘An mian leat go múinfnnse fos a bhéasa dó?’

Lig Feilimí osna as. ‘Nár lige Dia go mbeadh ar aon duine béasa a foghlaim uaitse!’ ‘Seo í an uain,’ arsa an Fear Dorcha lena athair. ‘Mealltar anseo chun dála é agus, fad a bheas sibhse i mbun allagair, tabharfadsa buíon marcach ó dheas i ngan fios dó go dtiomáinfead a bhólacht chun siúil. Coinneoimid ina éadan go deireadh earraigh ionas nach mbeidh de rogha aige faoi Bhealtaine ach ruathar a thabhairt thar teorainn ó dheas chun bólacht a bhreith ó na Gaill. Ionsóidh siadsan ansin é, ionsóimidne arís é,’ a dúirt sé, agus leath cár gáire ar a bhéal. ‘Coinneoimid idir dhá thine é.’ Sméid Conn a cheann go smaointeach. Lig Feilimí gáir as. ‘É a choinneáil idir dhá thine, a deir tú?

Bronnfar na duaiseanna ag ócáid speisialta ar an 23 Samhain i mBaile Átha Cliath