Mar chuid de Other Voices 2022 fillfidh Cogar, gné theanga agus chultúrtha na Gaeilge de Other Voices, ar an nDaingean i gcomhair trí lá d'ealaíon, de cheol agus de thaispeántais bheo.
Agus é ina cheathrú bliain anois beidh Cogar ar siúl mar chuid de Other Voices An Daingean ó 2-4 Nollaig agus é curtha le chéile go cáiréiseach ag an ealaíontóir iontach ón leithinse Áine Ní Chíobháin, is mar seo a dúirt sí:
"Filleann an mhionfhéile Cogar orainn ’on Daingean arís i mbliana mar chuid de Other Voices. Beidh sé ar siúl i ngairdíní céadfach an Dísirt. Don gcéad uair ó 2019 beidh lucht féachana iomlán ag filleadh chun barróga a thabhairt dá chéile, beocht a mhothú, bogadh amach, na scáileáin a chur i leataoibh, agus a bheith cuileachtúil sa tsaol ceart. Fiosraíonn Cogar an mothú tairseachúil a aimsítear i ndeasghnátha, fló cruthaitheach agus dianmhachnamh. Is é an nádúir agus an t-aoibhneas an seinnliosta. Is áit sábháilte é Cogar inar féidir leat gluaiseacht tríd na gairdíní, éisteacht, rince, canadh, gíotáil agus caintiú le daoine. Seo libh ag imirt – sé bhúr n-áit. "
I gcaitheamh an deireadh seachtaine beidh ealaíon, taispeántais agus ceol beo ó roinnt de na healaíontóirí is fearr in Éirinn, ina measc Roisín Ní Chionnfhaolaidh, Aisling Wharton, Siobhán de Paor, Cáit Ní Riain, Donal McConnon, Julie Flavin, Rob Ireson, Morley Hill, Seán Ó Treasaigh, Jenny Prahin, Caroline Keane & Tom Delaney, Vúdú agus Segotia.
Titfidh formhór na n-imeachtaí amach i ngairdíní céadfacha an Dísirt, a bheidh saor in aisce agus oscailte don bpobal. Beidh, leis, an áirithe sin taispeántais Cogar i leith an Chosáin Cheoil a mbeidh banda rosta Dingle Gin ag teastáil chun iad a fheiscint.