Sular bhfógrófar Gradam Love Leabhar Gaeilge ag na An Post Irish Book Awards, beidh sliocht ó na leabhair atá ar ghearrliosta na bliana seo á fhoilsiú againn. Seo sliocht as EL le Thaddeus Ó Buachalla.

Bhuail sé cnag eile ar an doras, ach níor tharla faic arís. Ansin chuala sé coiscéimeanna malla ag teacht go saothrach i dtreo an dorais, agus d'oscail fear meánaosta é a raibh leicne fada air agus sprochaillí faoina shúile. Bhí seaicéad air a bhíodh galánta uair amháin ach anois bhí an aois agus an úsáid a d’fhulaing sé le feiceáil ar na bónaí. Sheas an bheirt fhear ag féachaint ar a chéile faoi chiúnas.

"Is mise Jan Swammerdam," ar seisean go neirbhíseach. "Scríobh mé litir chuig an Máistreás Bourignon. Thug sí cuireadh dom teacht."

"Tar isteach!" a dúirt an fear. Chas sé ar a shála agus chuaigh sé ar ais isteach tríd an halla leathan dorcha, á threorú go dtí seomra beag go díreach ar chlé. "Fan anseo," ar seisean go gruama.

Bhí dhá chathaoir chrua ann agus bord amháin. Ní raibh pictiúr ná íomhá ar na ballaí agus bhí an phéint ag titim díobh in áiteanna. Ní raibh a lán solais sa seomra ach oiread, ach amháin na gathanna laga a théaltaigh isteach trí na cuirtíní. Shuigh Jan síos go ciúin.

Laistigh de dhá nóiméad, chuala sé siosarnach sa halla agus go tobann, bhí sí sa seomra. Ba bhean bheag í Antoinette Bourignon, ach bhí an-teacht i láthair inti nuair a shéid sí isteach mar néal dorcha sa spéir. Bhí sí clúdaithe ó bhun go barr in éadach dubh, gúna d’éadach garbh agus ceannbheart mór dubh den ábhar céanna a dhein fráma docht cúigshleasach timpeall a haghaidhe agus é casta go docht díreach faoina smig. Ba chosúil le culaith cosanta a cuid éadaí, nó rud a snoíodh as cnap ollmhór guail. Ach ba í a haghaidh féin an rud ba shuntasaí. Aghaidh bhiorach chaol ab ea í, agus súile mar a bheadh ag nathair. Cheap Jan go bhfaca sé nimh sna súile sin agus chuir siad creathán trína cholainn. Bhí srón fhada chaol aici agus smig ghéar a bhí ag gobadh amach thar an tsnaidhm thiubh éadaigh a choimeád a ceannbheart ina áit. Bhraith sé í mar fhórsa mór dorcha sa seomra, ach nuair a labhair sí bhí a guth íseal agus séimh, amhail is go raibh sé ag teacht chuige ón taobh eile den chruinne. "A Uasail Swammerdam," ar sise i dtuin thomhaiste, agus mhothaigh sé a guth á tharraingt isteach i saol diamhair eile. "Tá sé go hiontach go bhfuil tú anseo. Tusa a d’fhéach ar aghaidh an Diabhail féin. Ach tá am fós againn. Suigh síos arís, agus labhróimid le chéile."

Shuigh sé síos agus shuigh sise in aice leis. Seo mar a shamhlaigh sé faoistin na gCaitliceach, an spás ciúin ina nochtfaí d’anam os comhair Dé. Bhí an seomra dorcha cúng agus bhraith sé nach raibh rud ar bith eile sa saol anois taobh amuigh de na ballaí sin. D’fhéach sí go díreach ina shúile agus d’fhostaigh sí a chomhfhios le greim gasta daingean amháin, a súile féin an-ghar dá chéile, a shíl sé. Mhothaigh sé gach rud eile sa saol ag titim le fána uaidh. Ní raibh fágtha anois ach a súile, a guth íseal, agus suáilceas ait dorcha éigin ina láithreacht.

"D’inis tú an scéal dom i do litreacha. Anois teastaíonn uaim é a chloisteáil i do ghuth féin," ar sise.

Thosnaigh sé ón tús: an lá sin i ngairdín Steno, an bheirt fhear á mbá i mbraon uisce, an scaoth uafásach. Lean sé ar aghaidh le gach duine a bhí páirteach sa scéal: Steno, Thévenot, Bourdelot, Hooke, Boyle, Milton, Galileo, na Barberini agus na Medici. Níor fhág sé na daoine a casadh air i sráideanna Londan amach ach oiread, ná an tinneas a fuair sé ina dhiaidh, ná na brionglóidí fiabhrais inar casadh na fir bheaga air: an scéal ar fad. Ghlan sé é go léir amach as a anam le scuabadh leathan amháin. D’éist sí go cúramach leis ó thús deireadh gan focal a rá, a súile féin greamaithe istigh ann, a cruth dorcha féin gan bogadh i solas doiléir an tseomra. Sa deireadh, ní raibh aon rud eile le rá aige agus stad sé. Shuigh sé ann go ciúin ar feadh tamaill go dtí gur bhraith sé go raibh sí ar tí labhairt arís.

"Tháinig tú níos giorra don dorchadas ná beagnach duine ar bith eile, a Jan," ar sise sa deireadh. "Is cinnte gurb é an Diabhal is a chuid saighdiúirí a chonaic tú, mar a dúirt mé riamh leat. Tá a lámh istigh sna cúirteanna is airde sa saol seo agus sna heaglaisí is seanbhunaithe. Sin an chúis nach mbacfainn féin le haon cheann acu. Níl eaglais ar bith ann ach eaglais dhofheicthe Dé, an eaglais sin gan foirgneamh gan séipéal, gan ornaíocht na cumhachta fite le snáth órga a gaibhníodh i bhfoirnéisí Ifrinn. Ní maith an rud é gur thug tú gealltanas don Diabhal nach scríobhfá faoin rud a chonaic tú, ach i dtús báire a dhein tú an botún is mó: gur theastaigh uait féachaint isteach ar rúin Dé, gur theastaigh uait na míorúiltí a chruthaigh sé i ngach braon báistí a thuiscint. Is iomaí duine sa lá atá inniu ann a chleachtann an léann nua seo, ach is truailliú é ar dhlí Dé. Fág rúin Dé aige féin agus tabhair aire do d’anam síoraí."

Bronnfar na duaiseanna ag ócáid speisialta ar an 23 Samhain i mBaile Átha Cliath