Labhair an craoltóir Bláthnaid Ní Chofaigh ar Tús Áite ar RTÉ Raidió na Gaeltachta faoi oidhreacht agus neart Vicky Phelan, atá ar shlí na fírinne.
Dúirt Ní Chofaigh gur casadh uirthi Vicky cúpla uair agus uair amháin sa ghruagaire agus gur duine í nach raibh ag lorg airde ach gur tharla an rud tubaisteach seo di agus go raibh sí láidir go leor le labhairt ar son na mban eile a bhí thíos leis.
Bhí spéis ag Phelan in scéalta dhaoine eile, a dúirt Bláthnaid, sa saol eile, lasmuigh dá cuid deacrachtaí féin. Cé gur stráinséirí a bhí iontu dá chéile, bhí siad in ann a bheith ionraic lena chéile nuair a casadh ar a chéile iad, a dúirt sí.
Chabhraigh Phelan le mná na hÉireann labhairt faoi chúrsaí a raibh tabú futhu agus cé nach raibh rogha aici labhairt futhu, d'athraigh sí an cultúr a bhain le mná a bheith ciúin maidir le feall a rinneadh orthu sa chóras sláinte.
Éist le Tús Áite ar RTÉ Raidió na Gaeltachta ón Luan go hAoine idir 5 agus 6