skip to main content

Ócáid chinniúnach nó caint san aer ag COP27?

Scríobhann Eoin Ó Catháin, Tuairisceoir Polaitíochta de chuid RTÉ Raidió na Gaeltachta mar gheall ar COP 27 agus na dúshláin atá roimh cheannairí an domhain.

"Cuireann an t-athrú aeráide le coimhlint, éiginnteacht polaitiúil, easpa acmhainní agus cruatan an tsaoil. Muna dtugann an ghlúin seo faoin dúshlán seo le díograis, ní mhaithfidh na glúin a thiocfaidh inár ndiaidh dúinn é."

Seo mar a labhair an Taoiseach Micheál Martin os comhair na gceannairí domhanda eile a bailíodh in Sharm-el-Sheik na hÉigipte ag tús na seachtaine chun labhairt ar chúrsaí aeráide, agus chomh práinneach is atá sé astaíochtaí carbóin a laghdú chun ardú ar an teocht domhanda a sheachaint.

Lean sé air: ag caint ar an gcúnamh a gcuirfidh an tír ar fáil do na tíortha is measa buailte ag an athrú aeráide, agus d'impigh sé ar na ceannairí eile gan misneach a chailliúint, agus coinneáil leis an dea-obair.

Rinne sé tagairt do na spriocanna uailmhianacha atá leagtha síos ag Éirinn - astaíochtaí carbóin a ghearradh faoin mbliain 2030, barántas go mbeidh muid "neodrach" ó thaobh an charbóin de faoin 2050, mar eiseamláir dár gcairde ar fud an domhain ar a bhféadfaí a bhaint amach le paisean agus diongbháilteacht.

Ba léir go raibh an Taoiseach ar a sháimhín só ag labhairt ag an gcomhdháil idirnáisiúnta seo, ag cur na hÉireann chun cinn. Ach cé a cheapfá ariamh go mbeadh sé chomh compordach ag maíomh faoi iarracht na tíre i leith na haeráide?

Cheapfá agus tú ag éisteacht leis go raibh sé ar duine de na gníomhaithe is paiseanta ar chúrsaí aeráide le fada an lá. Is ar éigean a chreidfeá go raibh díospóireacht mhór againn níos luaithe sa mbliain ar astaíochtaí earnáil na talmhaíochta, agus go raibh polaiteoirí i bpáirtí an Taoisigh fíor-dhoicheallach roimh spriocanna arda a thabhairt don earnáil.

An Taoiseach ag COP

Bhí Fianna Fáil agus an Comhaontas Glas in adharca a chéile agus iad i mbun idirbheartaíochta ar astaíochtaí carbóin le linn an tsamhraidh. Cé gurb í an earnáil talmhaíochta an t-astaíre is measa dá bhfuil againn sa tír, níor ghlac an páirtí is mó sa gcomhrialtas leis na moltaí is conspóidí d’fheirmeoirí. Ar deireadh, thángthas ar chomh-réiteach - cé gur theastaigh ó ghrúpaí ar son na timpeallachta go gcuirfí laghdú de 30% i bhfeidhm ar astaíochtaí talmhaíochta, throid Fianna Fáil go fíochmhar ar son na bhfeirmeoirí, agus laghdú de 25% faoi cheann cúpla bliain a aontaíodh.

Is léir go bhfuil dearmad déanta ar an achrann sin ar fad faoin am seo, agus an Taoiseach ag labhairt ag COP27. Gheall sé chomh maith go gcuirfí tuilleadh maoinithe ar fáil do na tíortha is boichte ar domhan, tíortha a mbíonn an t-ualach is troime le hiompar acu, "ach nach bhfuil freagrach as an tsáinn ina bhfuil muid" - arís, ráiteas an Taoisigh. "Déanfaidh mé gach gur féidir liom" chun seo a chur i gcrích, a gheall an Taoiseach. Ach i ndáiríre, an féidir mórán muiníne a bheith againn as an ngeallúint seo, nuair a bheas Micheál Martin ag imeacht ó oifig an Taoisigh roimh dheireadh na bliana? Cén maith seacht ndícheall an fhir nach bhfuil i gcumhacht?

An bhféachfar siar ar an óráid seo mar ócáid chinniúnach sa troid i gcoinne an athrú aeráide, inar ghlac Taoiseach ár linne leis an dúshlán, beag beann ar an bpolaitíocht áitiúil agus ar chlaidhreacht na bpolaiteoirí? Nó, an bhfuil an Taoiseach ag iarraidh an dubh a chur ina bhán ar an domhan mór, nuair nach bhfuil athrú suntasach á dhéanamh ag an mbaile? Neosfaidh an aimsir. Nó ar cheart dom a rá go neosfaidh an aeráid?