Bronnadh gradam don chaifé is fearr ag Gradaim Food and Wine ar Pota, caifé nach bhfuil i bhfad ar an bhfód agus a dhíríonn ar bhia áitiúil, inmharthana don cheantar i gConamara.
Bronnadh an gradam don Café is Fearr sa tír ar POTA Café aréir i dTeach an Ardmhéara ag Gradaim Bhialann na Bliana Food and Wine Ireland.
Bhí ríméad ar fhoireann POTA Café nuair a roghnaíodh an caifé Gaeltachta mar bhuaiteoir ó ghearrliosta den 15 caifé is fearr in Éirinn. Is ar áiteanna teolaí, compordacha ar féidir a bheith ar do sháimhín só agus a bhfuil fáil ar ghreimeanna blasta neamhfhoirmiúla, ar scoth na bácála agus ar sheirbhís iontach a mbronntar a duais seo, dar le Food and Wine Ireland.
"Ba mhór an onóir dúinn é gur roghnaíodh muid as liosta de chuid de na caiféanna is mó a bhfuil meas againn orthu ar fud an oileáin seo" a deir Diarmuid Ó Mathúna, úinéir an chaifé. "An chúis ar thug muid POTA ar an gcaifé an chéad lá ná gur breá linn an íomhá de phobal a bheith tarraingthe le chéile thart timpeall ar phota mór bia, sult á bhaint acu as comhluadar a chéile agus scéalta, smaointe - agus bia, ar ndóigh - á roinnt go flúirseach. Bhí muid ag iarraidh spás fáiltiúil, compordach a chur ar fáil dár gcustaiméirí, agus tacú leis an bpobal láidir, bríomhar atá anseo i gConamara Theas. Pobal, inmharthanacht agus ardchaighdeán - sin iad na bunchlocha ar a bhfuil POTA tógtha."
Idir Céibh Ros a' Mhíl agus Oileáin Árann a bheith ar leic an dorais agus an borradh atá faoin gceardaíocht bhia sa cheantar le blianta beaga anuas, is beag dua a bhaineann le biachlár an chaifé a chur le chéile gach seachtain. Tagann sailéid agus glasraí úra ón nGarraí Glas trasna an bhóthair, scoth na feola ó Bhúistéirí Uí Fheinneadha sa Spidéal, iasc úr ó Ros a’ Mhíl agus cáis ghabhair, sliogéisc agus feamainn ar chaighdeán idirnáisiúnta ó Oileáin Árann. "Murach na táirgeoirí sin atá ag treabhadh an ghoirt," a deir Diarmuid, "ní bheadh an gradam seo bainte amach ag an gcaifé s’againne."
Tá an Ghaeilge lárnach san áit. "Ón gcéad lá, níor fhostaigh muid ach cainteoirí líofa Gaeilge," a deir Diarmuid. "Tá dea-thionchar an pholasaí sin an-soiléir nuair a shiúlann tú isteach san áit. Tá an Ghaeilge le cloisteáil i measc na gcustaiméirí, ar cainteoirí dúchais áitiúla cuid mhór acu. Tá sí le cloisteáil i measc na foirne freastail agus tá sí le cloisteáil amach as an gcistin oscailte agus na cócairí ag scairteadh 'ordú réitithe’ amach go breá muiníneach."
Tá an caifé lonnaithe thíos staighre san fhoirgneamh álainn ceann tuí béal dorais le TG4 i mBaile na hAbhann ar tugadh Tigh Johnny Sheáin air tráth. An comhlacht léiriúcháin drámaíochta agus teilifíse Fíbín a rinne an foirgneamh a athchóiriú, agus ainneoin go bhfuil cuma thraidisiúnta air ar an taobh amuigh tá leagan amach snasta, comhaimseartha ar an taobh istigh. Tá neart spáis timpeall an fhoirgnimh le hithe taobh amuigh agus níl romhat ach siúlóid ghairid más mian leat cuairt a thabhairt ar thrá ghleoite na Tulaí. Áit iontach le haghaidh picnic!
Bíonn an caifé ar oscailt Máirt go Satharn, 9am - 4pm. Tá tuilleadh eolais ar www.pota.com. Roinneann Diarmuid oideas uair sa mhí ar Bladhaire ar RTÉ Raidió na Gaeltachta.
Faoi Dhiarmuid
Is as Corcaigh ó dhúchas do Dhiarmuid, áit ar fhás sé aníos i dteach tábhairne beag tuaithe; ní ón ngaoth a fuair sé a shuim san fháilteachas, mar sin. Thosaigh sé ag obair mar chócaire nuair a chas a dheirfiúr agus a dheartháir céile seantábhairne na muintire (O’Mahony’s of Watergrasshill) isteach ina bhialann - bialann a bhfuil roinnt mhaith gradam bainte anois aici. Bhí Diarmuid paiseanta riamh faoin nGaeilge agus mheas sé gurbh fhiú dó an dá mhórspéis sin aige a phósadh agus spás a chur ar fáil ina bhféadfadh an teanga bláthú. Cuireadh oiliúint air i Scoil Chócaireachta Ballymaloe, áit iontach do dhuine ar bith atá paiseanta faoi ardchaighdeán bia agus faoin inmharthanacht.