Labhair muid leis an gcraoltóir Áine Ní Bhreisleáin mar gheall ar Oireachtas na bliana seo, an treoir a bheadh aici dóibh siúd nach raibh ag an bhféile roimhe seo.

Tá trí bliana ó bhí an tOireachtas ar siúl, cad a bhraith tú uait le linn na mblianta sin?

Comhluadar na nGael agus na cairde nach bhfeicim ach thall is abhus, na comhráití greannmhara sa Bhéar Glas agus rud beag diabhlaíochta!

Beidh Bladhaire beo ón nGleneagle ar an Aoine, cén saghas ullmhúchán a theastaíonn le clár dá leithéid a chur le chéile?

Bíonn neart le déanamh roimhe an chlár:ar feadh cúpla seachtain roimhe faigheann muid ceoltóirí do na bannaí tí, cúpla agallamh a shocrú agus ansin bíonn ort súil mhaith a choinneáil ar chomórtais agus mar sin le cainteoirí maithe a aimsiú. Is clár náisiúnta muid agus tá sé tábhachtach sin a léiriú sna cainteoirí a bheas linn.

Tá obair mhór curtha ag Póilín Nic Géidigh sa chlár a léiriú don Oireachtas agus beidh sé deas a bheith beo os comhair scaifte arís.

Tá tú ainmnithe le haghaidh go leor gradam ag na Gradaim Chumarsáide, an bhfuil gradaim tábhachtach duit?

Is deas a bheith ainmnithe cinnte ach ní na gradaim a bhaint an rud is tábhachtaí ar chóir ar bith an tseachtain seo. Mar dhaoine sna meáin tá sé furast éirí róthógtha le aird agus aitheantas agus a bheith míshásta muna néiríonn le d'ainmniúchán. Is maith liom deis ar bith gléasadh suas agus castáil le mo chairde ón raidió agus teilifís mar sin féin agus beidh oíche mhaith againn!

Dá mbeifeá le treoir a thabhart dóibh siúd nach raibh ag Oireachtas roimhe seo agus a bheidh ann don chéad uair i mbliana, cad a mholfá?

Gabh chuig comórtas nó dhó a bhfuil suim agat iontu , go bhfeicfidh tú an chraic agus blaiseadh den atmasféar a fháil. Ná caill club na féile agus an seans damhsa a dhéanamh le Pólca 4 ag seinm! Labhair le daoine úra, taobh amuigh de do ghrúpa agus de do chairde féin. Cur aithne ar na Gaeil as achan chearn! Agus, bíodh party piece de shórt inteacht agat agus ceannaigh buidéal mil manuka don ghlór!