Is í Neansaí Ní Choisdealbha a chuirfidh Corn Uí Riada i láthair, an comórtas sean-nóis is tábhachtaí sa bliain. Beidh scoth na bhfonnadóirí, idir fhir agus mhná, san iomaíocht don Chorn iomráiteach seo. Bronnfar Gradam RTÉ Raidió na Gaeltachta anocht freisin mar chuid den ócáid. Is féidir an comórtas a fheiceáil beo ar leathanach Facebook RnaG freisin.
Cad leis a bhfuil tú ag súil ón Oireachtas i mbliana?
Táim ag súil go mór castáil le muintir na Gaeltachta ar fad, thuaidh, theas, thiar & thoir. Tá sé trí bliana anois ó bhí Féile Mór na nGael ann agus beidh sé go hálainn na cairde a fhéiceáil arís agus éisteacht le hamhráin & ceol agus aithne a chur ar fonnadóirí agus ceoltóirí óga nach bhfuair mórán deis a bheith ar stáitse le roinnt blianta.
Maidir le do ról nua, cén saghas ullmhúchán atá le déanamh dá leithéid d'obair?
Ceist mhaith! Is doigh go bhfuil an t-áth orm ar bhealach go raibh mé i mbun léirithe ar an gcraoladh do Chorn Uí Riada 2019 agus mar sin tá tuiscint mhaith agam ar an mbealach a n-oibríonn rudaí taobh thiar den stáitse. Sé an rud is tábhachtaí ar fad ná na hiomaitheoirí a chur ar a gcompórd nuair a thagann siad chomh fada linn agus comhrá agus roinnt craic a bheith agat leo chun iad a chur ar a suaimhneas. Níl sé easca chorr ar bith a dhul ar an stáitse i gCorn Uí Riada agus amhrán a rá, is buaic phointe atá ann do na hamhránaithe sean-nóis agus caithfidh muid ar fad a thuiscint go bhfuil dualgas orainn spás a thabhairt dhóibh roimh dul ar stáitse.
An bhfuil amhrán sean nóis ar bith a thaitníonn leatsa thar aon cheann eile?
Tá go leor amhráin sean-nóis a thaithníonn liom ach na cinn is fearr lion ná "Dónal Óg", "Curachaí na Trá Báine" & "Amhrán Mhaínse". Bhaineadh an fhilíocht agus an mothúcháin atá sna hamhráin sin deoir as cloch.
An dóigh leat go bhfuil traidisiún na n-amhrán slán sabháilte in Éirinn an lae inniu?
Is doigh liom go bhfuil an traidisiún sean-nóis slán go maith faoi láthair. Tá go leor daoine óga ag casadh na n-amhrán agus ag glacadh páirte sna comórtais agus is iontach an rud é sin. Ó mo aithne ar roinnt fonnadóirí óga i gConamara, tá an-mheas agus an-ómós acu do na hamhránaithe atá ag múineadh ranganna sean-nóis agus tá siad an-dílís don traidisiún.
Tá ról an-lárnach arnó ar Raidió na Gaeltachta i scéal an tsean-nóis mar tá muid ag craoladh na comórtais sean-nóis ón Oireachtas ó 1972. Thug an raidió ardán nua do na hamhráin nuair a tháinig sé ar an saol agus is cinnte gur chur sé borradh faoi ath-bheochan na n-amhrán, a bhí ag dul i léig ag an am a deirtear linn. Tá an raidió thar a bheith dílís don sean-nós agus don cheol traidisiúnta agus is ceann de mór imeachtaí na blianta é an craoladh a dhéanann muid ó Oireachtas na Samhna chuile bhliain
Craolfar Corn Uí Riada ar RTÉ Raidió na Gaeltachta Dé Sathairn 5 Samhain ag a 7 agus beidh sé le feiceáil ar leathanach Facebook RTÉ Raidió na Gaeltachta freisin.