Mar chuid dá clár faisnéise úrnua dár teideal 'Meanapás: Meon Nua', déanfaidh Gráinne Seoige iniúchadh ar scéal an mheanapáis sa tír seo.
I rith an chláir, beidh Gráinne ag caitheamh súile ar na dúshláin a bhaineann leis an meanapás agus buailfidh sí le mná timpeall na tíre lena scéalta a phlé.
You can watch the show back HERE
Sa chlár, buailfidh Gráinne le go leor ban, Jess Ní Mhaoláin ina measc, atá tar éis dul tríd meanapás roimh am; labhraínn an bhean óg le Gráinne faoi na dúshláin a bhaineann leis an meanapás óna dearcadh féin. Chomh maith le sin, buailfidh Gráinne leis an gcóitseálaí meanapáis agus údar Breeda Bermingham leis an stiogma a bhaineann le meanapás agus an nasc a mhaireann idir mheabhairshláinte agus an tréimhse a phlé.

Suífidh Gráinne síos le Deirdre O’Kane le labhairt faoin seó grinn atá curtha le chéile aici ina phléitear an meanapás agus labhróidh an bheirt acu faoin íomhá atá ag an mbean mheanapásach, go háirithe iad sin atá obair in earnáil na siamsaíochta. Le ról an fhostóra a fhiosrú, tabharfaidh Gráinne cuairt ar bhrainse Lidl i gCeatharlach, áit a mbuailfidh sí le Lorraine Garvey agus Meave McCleane a inseoidh di faoin bpolasaí atá ag an gcomhlacht faoin meanapás. Casfaidh Gráinne le seanchara léi Máire hOibicín Uí Eidhin chun an tslí a labhraítí faoin meanapás i measc na nglúnta atá imithe romhainn a phlé agus cuirfidh Gráinne painéal saineolaithe le chéile le hiniúchadh a dhéanamh ar ghnéithe áirithe a bhaineann le meanapás, ar nós cúrsaí gnéis.
Tá sé mar aidhm ag Gráinne agus í ag foghlaim faoin meanapás go mbeadh eolas cruinn ag gach duine sa tír seo faoi, mar sin buailfidh sí leis an Aire Sláinte Stephen Donnelly le himpí air feachtas eolais náisiúnta a thosú. Leis an méid atá foghlamtha aici ó na mná go léir, tabharfaidh Gráinne cuairt ar an Roinn Sláinte agus labhróidh sí go hoscailte faoin mbearna eolais agus faoin ngá atá ann daoine, go háirithe mná, a chur ar an eolas faoin meanapás.
Craolfar ‘Meanapás: Meon Nua’ ar TG4 ag 9.30pm an 2 Samhain.