Broadcaster Sinéad Ní Uallacháin shares her favourite phrases from her native Gaeltacht, Corca Dhuibhne.

Tá cúpla frása ann sa Ghaeilge go bhfuilim ana cheanúil ar fad orthu. Caithim isteach i mo chuid cainte minic iad - seans ró-mhinic ar uairibh!

Chuala formhór na nathanna seo ó chairde agus ó dhaoine atá muinteartha liom.

1. Clab go Cluasa

Sampla: 'Bhí clab go cluasa air nuair a thug an freastalaí an tiramisu chuig an mbord'.

Is breá liom an íomhá a chruthaíonn an nath seo. Is féidir leat an ghluaiseacht a fheiscint beagnach. Is dóigh liom gur ó mo chara Sláine Ní Chathalláin a chuala an é seo an chéad lá riamh.

2. Braon faoin bhfiacal.

Sampla: 'Bhí braon faoin bhfiacal acu Céadaoin an Oireachtais agus na gradaim faoi lán tseoil!'

To have a drop under their teeth, literally. Tá frásaí go leor sa Ghaeilge a bhaineann le hól ach seo ceann de na cinn is ansa liom. Cosúil le 'Clab go Cluasa', cruthaítear pictiúr i mo cheann láithreach nuair a chloisim é. Is maith liom na fuaimeanna a chruthaíonn na focail chomh maith, cosúil beagáinín beag le rann.

3. Ar mo leabhar breac!

Sampla: 'Ar mo leabhar breac, cé a ghabh chugam, ach Marty Morrissey!'

'I kid you not', a ritheann liom sa Bhéarla nuair a chloisim seo - filler iontach, má tá tá cúpla soicind uait chun cuimhneamh ar an gcéad rud eile atá le rá agat. Déanann 'ambaist' cúis chomh maith sa chomhthéacs seo!

4. Déanaim Amach....

Sampla: 'Déanaim amach go mbeidh báisteach chugainn roimh dheireadh an lae'

Litrithe thuas de réir an chaighdeáin, ach dá mbeinn féin á rá, chaolóinn é chuig: 'Deinim amach'. Slí eile chun 'is dóigh liom' a rá.

5. Cloch sa mhuilirte

Sampla: 'Bhí cloch sa mhuilirte ag Taylor do Kanye.'

Arís eile, sampla breá a léiríonn cé chomh fileata is atá an teanga. To nurse a grudge against someone, nó to have a stone in the sleeve for someone. Muinchille a deirtear in áiteanna áirithe agus an nath seo á úsáid ag daoine.

Sinéad is taking part in Creidim Ionat, to find out more about the initiative, look here.