TG4 ón Déardaoin 27 Deireadh Fómhair 9.30pm

Tá fear mór siúlach scéalach na hÉireann, Hector Ó hEochagáin, ar ais ag fámaireacht arís tar éis 18 mí a chaitheamh ag baile. Tá an taiscéalaí cainteach spraíúil faoi réir le tabhairt faoi shraith eile d'eachtraí agus a aghaidh le tabhairt an uair seo ar thuras iontach ó na Balcáin in Oirthear na hEorpa go dtí an réigiún Baltach sa Tuaisceart.

Bí i dteannta Hector don aistear 3,000km seo a thosóidh in Iostanbúl sa Tuirc agus ar aghaidh ansin go dtí an Bhulgáir, an tSeirbia, an Rómáin, an Pholainn agus an Liotuáin go mbainfidh sé ceann scríbe amach i Ríge sa Laitvia.

Mír 1: An Tuirc

Feicfidh sé an tsuim atá ag muintir na háite i sacar, gheobhaidh sé amach faoi thrasphlandú gruaige sa gcathair agus beidh sé ina shuí moch chun folcadh Turcach a bheith aige. Tabharfaidh Hector aghaidh ar cheann de na margaí is mó agus is sine ar domhan ansin, an Grand Bazaar, chun casadh le Hakan Evin, fear a bhíonn ag díol cairpéad agus atá chomh maith ag díol is gur éirigh leis cairpéid a dhíol le lucht ríochais, le hiar-uachtaráin agus le Ben Affleck.

Mír 2: An Bhulgáir

Rachaidh Hector ar thuras mórthimpeall na Bulgáire, an tír is sine san Eoraip. Cuirfidh sé tús lena aistear in Plovdiv áit a gcaithfidh sé súil ar amharclann ó aimsir na Sean-Róimhe. Gheobhaidh Hector léargas ar an nasc atá ag an tír leis an gcumannachas ag an Buzludja Monument agus tabharfaidh sé aghaidh ar na Seven Rila Lakes ansin. Cuirfidh sé deireadh lena aistear in ionad aclaíochta an tseaimpín tógála meáchan, Zdravko Stoichkov, agus feicfidh sé na lúthchleasaithe ag traenáil.

Mír 3: An tSeirbia

Gheobhaidh Hector blaiseadh de cháis asail agus tabharfaidh sé lámh chúnta do dhream atá ag iarraidh an Danóib, an abhainn is truaillithe san Eoraip, a ghlanadh. Cuirfidh Hector snas ar a chuid scileanna leadóige san Novak Centre, ionad a thóg duine de mhórimreoirí spóirt na Seirbia, an seaimpín leadóige Novak Djokovic. Fillfidh Hector ar an mBéalgrád chun deireadh a chur lena thuras.

We need your consent to load this rte-player contentWe use rte-player to manage extra content that can set cookies on your device and collect data about your activity. Please review their details and accept them to load the content.Manage Preferences


Mír 4: An Rómáin

Tabharfaidh Hector aghaidh ar an Rómáin agus cuirfidh sé tús lena thuras i bpríomhchathair na tíre, Búcairist. Gheobhaidh sé spléachadh den chuma a bhí ar an Rómáin le linn ré an chumannachais agus casfaidh sé le cuid de chailleacha na Rómáine. Tabharfaidh sé cuairt ar Phálás na Parlaiminte agus gheobhaidh sé blaiseadh de chúrsaí dornálaíochta agus sacair na tíre sula bhfaighidh sé léargas ar Eaglais Cheartchreidmheach an Oirthir. Déanfaidh Hector a bhealach chuig baile de chuid na Romaigh ansin agus casfaidh sé le Triana, Romach a bhíonn ag obair le copar, sula gcasfaidh sé le Rí na Romaigh.

Mír 5: An Pholainn

Déanfaidh Hector a bhealach go lár na hEorpa agus tabharfaidh sé aghaidh ar an bPolainn. Cuirfidh sé tús lena aistear in Kraków agus ólfaidh sé cúpla deoch sula dtabharfaidh sé aghaidh ar cheathrú na nGiúdach. Rachaidh Hector go Auschwitz ansin chun léargas a fháil ar an léirscrios a bhain leis an Dara Cogadh Domhanda agus leis an uileloscadh sa gcampa géibhinn is mó a bhí ag Naitsithe na Gearmáine. Rachaidh Hector ag sciáil in Zakopane ag deireadh an chláir.

Mír 6: An Liotuáin

Tá Hector ar a bhealach go Vilnias, príomhchathair na Liotuáine, áit a dtabharfaidh sé cuairt ar Gheiteo Giúdach. Cuirfidh sé eolas ar an teicneolaíocht léasair atá ar fáil sa Liotuáin. Buailfidh sé le Skamp, banna ceoil mór le rá san áit. Rachaidh Hector as sin go dtí an dara cathair is mó sa Liotuáin, Kaunas, agus déanfaidh sé turas de shiúl cos sa dorchadas sula dtéann sé go dtí Músaem Ómra chun tuilleadh a fhoghlaim faoi ómra ársa réigiún Mhuir Bhailt.

Mí 7: An Laitvia

Cuirfidh Hector tús lena chuid taistil i Ríge. Breathnóidh sé thart ar an gcathair le Līva Melbārzde agus pléifidh sé Eaglais Liútarach Shoiscéalach na Laitvia leis an Easpaig Pavils Brūvers, sula mbeidh eispéireas ar leith aige ag glacadh páirt i ndeasghnáth sána agus tine nach raibh a leithéid aige riamh roimhe seo. Fágfaidh Hector an chathair ina dhiaidh chun é féin a bhá i ngníomhaíochtaí faoin aer, ar nós an bealach a dhéantar crainn a ghearradh in Tukums a fhiosrú, casadh le marthanaí chun dianchúrsa a dhéanamh ar scileanna chun teacht slán, agus cuairt a thabhairt ar Amarciems, éicea-shráidbhaile thar a bheith spéisiúil.

TG4 ón Déardaoin 27 Deireadh Fómhair 9.30pm