In agallamh ar RTÉ Raidió na Gaeltachta, dúirt Patrick Mac Donnacha, ó Lónadóireacht Chonamara, nach bhfuil sé indéanta dó an tseirbhís béilí te a bhíodh sé ag cur ar fáil do scoileanna DEIS i gConamara a chur ar fáil níos mó mar go bhfuil an táille atá á íoc ag an Roinn Coimirce Sóisialaí, atá i bhfeidhm ó 2003, ró-íseal.
Fágann sé seo go bhfuil beagnach míle dalta scoile i 15 scoil i gConamara fágtha gan aon tseirbhís béilí te faoi láthair.
"Ní féidir é a dhéanamh i mbliana leis na rátaí a bhí ann. Tá na rátaí céanna ann ó 2003, níl tada ardaithe le beagnach scór bliain ...Ní féidir é a dhéanamh níos mó."
Mhínigh sé do Chóilín Ó Neachtain ar RTÉ RnaG go raibh an táille maith go leor ag an tús, ach le bliain go leith anuas, agus costaisí ag ardú as cuimse, nach féidir é a dhéanamh níos mó.
"Is mó a gheobhainnse ar bag Taytos sa phub atá agam thiar ar an gCeathrú Rua ná mar a bhí mé ag fáil ar na dinnéir."
"Bhí muid ag fáil níos lú ná €2 ar bhéile te agus deoch a chur ar fáil ... Níor mhór duit €3 ar a laghad len é a dhéanamh maith go leor... Bhí siad ag fáil béile te, ar nós turkey and ham, nó fataí agus veg ... béile te, maith ... Ní féidir é a dhéanamh ar faoi €2, tá an lá sin bailithe."
Cé go bhfuil sé féin lonnaithe i gConamara, dúirt sé go raibh fadhbanna ar fud na tíre leis an scéim, agus go raibh go leor comhlachtaí eile tarraingthe amach as an tseirbhís a sholáthar.
"Tá go leor comhlachtaí tarraingthe amach as an scéim uilig mar ní féidir é a dhéanamh níos mó.Caithfidh siad breathnú ar an tseirbhís uilig arís agus tosú ó bhonn arís leis."
"Tá na scoileanna ar ais anois le sé seachtainí.Níl duine ar bith ag rá tada faoi... Tá na príomhoidí agus na tuismitheoirí ag tabhairt amach faoi, ach níl duine ar bith ag déanamh tada faoi."
Bhí Patrick Mac Donnacha faoi agallamh ar RTÉ Raidió na Gaeltachta.