Tá an ceoltóir aitheanta náisiúnta agus idirnáisiúnta Noel Ó Dúgáin ón ghrúpa Clannad caillte. Labhair Máire Ní Bhraonáin faoin cineál fear a bhí ann agus an tionchar a bhí aige ar Chlannad ar Bharrscéalta ar RTÉ Raidió na Gaeltachta.
Bhí Noel ar dhuine de bhunaitheoirí an bhanna cheoil iomráiteach, Clannad. Bhí sé 73 nuair a cailleadh go tobann é i nDún na nGall.
Labhair a neacht, Máire mar gheall ar a oidhreacht cheolmhar agus an tionchar a bhí aige ar an mbanna. Roinn Máire a cuimhní cinn mar gheall ar a huncail, ag déanamh cur síos air, dúirt sé go 'dóigh s'acu féin' aige féin agus a leathchúpla, Pádraig, nach maireann.
Éist le Barrscéalta ar RTÉ Raidió na Gaeltachta ón Luan go hAoine idir 12.08-1.00