Beidh na Underdogs ag tabhairt aghaidh ar Phort Láirge, buaiteoirí Shraith Náisiúnta Iomána Allianz 2022.

In Airéine Ollscoil Teicneolaíochta an Oirdheiscirt i bPort Láirge faoi shoilse a imreofar an cluiche Dé Sathairn an 29 Deireadh Fómhair ag 8.00pm agus craolfar beo ar GAA BEO ar TG4 é. Underdogs v Port Láirge.

Is é seo an chéad chluiche a bheidh ag Davy Fitzgerald atá ar ais ag bainistiú Phort Láirge arís don dara huair. Beidh an teannas le brath i bPort Láirge agus gach duine ag iarraidh a fháil amach an é Davy Fitz a bheith ar ais i mbun bainistíochta a gheobhaidh an ceann is fearr ar an bhfoireann bhainistíochta mór le rá - John Allen, Claire O'Connor agus Jamie Wall.

Davy Fitzgerald

Is grúpa ar leith iománaithe iad na Underdogs, a roghnaíodh ó chumainn éagsúla ar fud na tíre - is é an t-aon riail atá ann ná nár imir aon duine de na hiománaithe ag leibhéal Chorn Liam Mhic Chárthaigh riamh.

Le linn na sraithe seo de Underdogs, bhíomar i dteannta na n-imreoirí ar a n-aistear sé mhí agus iad ag fáil faoi réir don chluiche is tábhachtaí dá raibh acu riamh. Bhí muid leo agus iad ag cur peiríocha an tsaoil díobh, agus chuala muid freisin a gcuid scéalta tragóideacha agus éachtacha. Tá siad réidh anois, i ndiaidh tréimhse dheacair ullmhúcháin agus traenála, aghaidh a thabhairt ar Phort Láirge, seaimpíní Shraith Náisiúnta Iománaíochta Allianz.

Beidh ticéid chuig an gcluiche ar díol ó 9:45pm Déardaoin an 20 Deireadh Fómhair. Chun ticéid a cheannach, féach anseo