Léigh sliocht as leabhar nuafhoilsithe, Raidió na Gaeltachta: Cultúr agus Pobal, scríofa ag Dáithí de Mórdha anseo.
Raidió Mionlach/Eitneach?
Earnáil nó cineál eile meán is ea na meáin eitneacha nó mionlacha. Tá an lipéad féin doiléir; úsáidtear an téarma 'na meáin eitneacha' go príomha sna Stáit Aontaithe, agus úsáidtear an téarma ‘mionlach’ go hiondúil san Eoraip. Difríocht thábhachtach idir ‘bundúchasach’ agus ‘eitneach’ i gcomhthéacs na meán, go minic, baineann eitneach/mionlach le grúpa nó pobal atá tagtha isteach i dtír nó i bpobal eile, seachas na bundúchasaigh a bhí ann níos faide ná aon ghrúpa eile. Ach leagann Deuze béim ar an gcosúlacht atá ag na meáin eitneacha/mionlacha le treocht atá ag treisiú ar fud an domhain ina bhfuil pobail nó grúpaí ag glacadh seilbh ar na meáin agus ag cur i gcoinne na mórmheán.
Tá pobail ag cruthú a gcuid meán féin – nuachtáin, irisí, cláir raidió, teilifíse agus scannáin – bunaithe ar a dtaithí agus ar a dtuiscintí féin. Bhí sé seo mar bhunaidhm ag an ngrúpa a bhí ag éileamh stáisiún raidió Gaeltachta sna 1970í, agus go deimhin acusan a bhí ag éileamh stáisiún teilifíse Gaelach ní ba dhéanaí: guth eile, súil eile, do phobal na Gaeltachta i gcás an raidió, agus do phobal na Gaeilge i gcás na teilifíse. Bhí ról na Gaeilge ar an raidió in Éirinn athraithe ó fhís náisiúnta go dtí éileamh ó phobal mionlaigh, ó sprioc náisiúnta go ceart mionlaigh. Suíonn RnaG isteach i gcomhthéacs na gcearta eitneacha, ach sa chás seo tá an líne idir ceart mionlach agus geiteóú na teanga agus an cultúir dúchasach doiléir; ar thaobh amháin tá an t-éileamh ón bpobal mionlaigh go dtabharfaí seirbhís dá gcuid féin dóibh, agus ar an dtaobh eile tá tuiscintí an impiriúlachais chultúrtha atá lánsásta go mbeadh guth an phobail mionlaigh seo teanntaithe ina mbosca féin, ar leataobh ón mórchultúr. Dála an téarma 'bundúchasach', tá iarrachtaí éagsúla déanta ar shainmhíniú a thabhairt don téarma ‘eitneach’ nó ‘eitneachas’.

Tugann Riggins sainmhíniú an-úsáideach dúinn ar an dtéarma ‘eitneachas’ i gcomhthéacs na meán cumarsáide: The term ethnicity has been defined in a variety of ways, but there is general agreement that it refers to people who perceive themselves as constituting a community because of common culture, ancestry, language, history, religion, or customs. It is unlikely that a group will perceive itself to be unique in all of these respects, and one or two characteristics may be chosen as most symbolic of collective identity.
I gcás phobal na Gaeltachta, is í an teanga agus gnéithe dá chultúr (na hamhráin, mar shampla) an ‘tréith nó dhó is mó a léiríonn féiniúlacht choiteann.’ Tugann Riggins sainmhíniú dúinn ar chineál mionlaigh atá an-oiriúnach do na Gaeil, go háirithe do mhuintir na Gaeltachta: A second category of minorities consists of indigenous people whose modern values appear to be primarily a subcultural variation of the dominant values in their country … language retention rather than cultural values tends to be the main concern of activists in this category.
Éist le De Mórdha ag caint faoin leabhar ar An Saol Ó Dheas anseo
We need your consent to load this rte-player contentWe use rte-player to manage extra content that can set cookies on your device and collect data about your activity. Please review their details and accept them to load the content.Manage Preferences
Luíonn sé seo go rímhaith le muintir na Gaeltachta sa tréimhse seo; tá siad mar a chéile, a bheag nó a mhór, leis an mórphobal in Éirinn i dtaobh reiligiúin, nósanna, modhanna maireachtála agus stair, ach go bhfuil difríocht shuntasach amháin eatarthu: teanga. Luann Riggins gné eile den eitneacht atá ríshoiléir i bpobail na Gaeltachta: rud is ea é a bhíonn de shíor ag athrú, le daoine ag aimsiú a gcuid eitneachta níos déanaí ina saol, seachas díreach bheith saolta san eitneacht san. Deineann duine cinneadh iontu féin luí le eitneacht (bogadh go dtí an nGaeltacht, mar shampla, ceol Gaelach a sheinnt, agus thar aon ní eile, an Ghaeilge a labhairt) rud a thagann leis an sainmhíniú, ní hamháin atá ag Riggins d'eitneacht – 'Ethnicity involves an individual’s choice to identify with a group and the reaction to that group by outsiders’25 – ach an féinaitheantas a luann Cobo mar choinníoll riachtanach d’aitheantas an bhundúchasaigh. Go deimhin, is deacair gan géilleadh do thuiscintí Riggins ar mhionlaigh eitneacha agus sinn ar thóir sainmhínithe do phobal na Gaeltachta. Deir sé an méid seo leanas a léiríonn tábhacht na meán chun cultúr mionlaigh, eitneach nó bundúchasach a chaomhnú agus a fhorbairt
Obviously, if minority media did not contribute to ethnic cohesion and cultural maintenance to some extent, there would be little justification for their existence except as a marketing tool and an instrument of social control. What better strategy could there be for ensuring minority survival than the development by minorities of their own media conveying their own point in their own language? In this manner, steps can be taken to guarantee that cultural traditions are not reduced to the level of folklore and that languages evolve in a manner adaptive to the requirements of modern societies. This might be referred to as the media imperative of modern life, a fact recognized by minorities throughout the world who have lobbied for greater access to the means of media production.
Seolfar an leabhar seo ag Oireachtas na Gaeilge i gCill Áirne. D'fhoilsigh Cló Iar-Chonnacht an leabhar seo agus is féidir leat cóip a cheannach anseo.