An tseachtain seo, is í Nell Ní Chróinín a bheas sa stiúideo le Liam Ó Maonlaí. Is as Gaeltacht Mhúscraí do Nell, amhránaí sean-nóis a thug léi Corn Uí Riada sa bhliain 2014 agus gan í ach 23 bliain d'aois ag an am. Is amhránaí traidisiúnta í freisin, agus tá sí ina príomh-amhránaí leis an ngrúpa Danú.