skip to main content

Crá, croí agus cúrsaí spóirt: Cúlchaint

Scríobhann Cárthach Bán Breathnach faoina chlár nua ar RTÉ Raidió na Gaeltachta, Cúlchaint, a dhíríonn ar na daoine atá ag plé le spórt in Éirinn sa lá atá inniu ann.

Is minic linn réalta nó laochra spórt a chloisteail tar éis cluichí, buanna móra agus briseadh croí, ach bhí mé ag iarraidh tochailt a dhéanamh ar phearsantacht na daoine seo .

Cuid acu ar nós Éabha Rutledge as Baile Átha Cliath atá tar éis gnó fhéin a thosú Greatgripgloves agus le linn na hama sin a raibh ag streachailt le gortú concussion. Paul Flanagan as an gClár atá chomh maith leis an gceol is atá sé ag lúbadh na fuinseoge agus Naoise De Bhaldraithe a raibh go dona tinn mar pháiste an- óg ach a tháinig as ach a chaith naoi lá san Oispidéal in a chuid déaga mar gheall ar timpiste chomh maith.

Scéalta pearsanta spórt is dóigh agus cé bfhuil blúiriní ann do dhaoine nach suim leo spórt cheapfainn go minic go mbionn an spórt fite fuaite sna scéalta chomh maith.

Cárthach Bán Breathnach

Léargas bfhéidir ar an gcaoi go bhfuil spórt chomh lárnach do na daoine seo, ach go bfhuil a scéalta pearsanta fhéin, scileanna pearsanta, agus brionglóidí pearsanta don todhchaí fite fuaite leis an spórt in a bhfuil siad gafa leis.

Feiceann muid na himreoirí seo leis an geansaí condae, geansaí idirnásiúnta nó geansaí club orthu go minic, ach le Cúlchaint tá geansaí difriúil orthu, a geansaí pearsanta fhéin.

An tseachtain seo beidh Éanna Ó Conchúir i mbun comhrá le Cárthach Bán Breathnach ar an gclár. Is imreoir caide le Ciarraí é Éanna a bhuaigh Craobh na hÉireann leo i mbliana, ach a raibh cúpla lá crua aige ina shaol imeartha go dtí seo chomh maith. Is fear gnó é freisin, agus bhunaigh sé Beo Fitness le linn na paindéime. Labhrann sé le Cárthach inniu faoina shaol agus a shaothar.

This week, Cárthach Bán Breathnach is joined by Éanna Ó Conchúir. Éanna is a footballer with the Kerry county team and was on the All-Ireland winning team this year, although he has had his share of tough days with the sport too. He's also a businessman and set up Beo Fitness during the pandemic. He talks to Cárthach today about his life and work.

Cúlchaint, Dé hAoine ag 2.35 ar RTÉ Raidió na Gaeltachta