skip to main content

"Muna ndéanfaidh tú é beidh tú caillte taobh istigh de choicís."

Labhair Mairéad Nevin Larkin ar RTÉ Raidió na Gaeltachta Dé hAoine faoi mar a fuarthas amach go raibh meall ar a hinchinn sa bhliain 2020, agus mar a bhuail stróc í nuair a chuaigh sí faoi scian leis an mheall a bhaint amach.

San agallamh ar Iris Aniar, mhínigh Mairéad gur thosaigh sí ag fáil tinnis chinn sa bhliain 2014, agus cé gur fhiosraigh sí le dochtúirí é, ní raibh sí ró-bhuartha go dtí 2019 nuair a d'éirigh rudaí níos measa.

"Duine mise atá cineál busy bheadh mé ag imeacht i gcónaí. Siad mo ghasúir mo shaol agus d’éireodh mé amach as an leaba chuile mhaidin is cuma cén sórt pian a bhí orm ...D’éirigh mé agus rinne mé an rud a bhí le déanamh agam."

"I 2019 bhí mé ag siúl suas staighre i Dunnes Terryland agus d’imigh an mhothú as mo chois.D’fhan mé cúpla nóiméad agus tháinig an mhothú ar ais i mo chois arís ach de réir mar a bhí an t-am ag imeacht, amach sna seachtainí, thosaigh mé ag fáil pian síos i mo láimh.Thosaigh mé ag fáil pins and needles...suas i mo chois, isteach i mo láimh, suas i m’éadan.Ansin thosaigh mé cineál ag dribbleáil amach as mo bhéal."

Chuaigh sí chuig an dochtúir, agus cé go bhfuarthas amach go raibh diosca beag as alt ina muineál, ní raibh míniú ansin ar na comharthaí sóirt a bhí uirthi, agus moladh di MRI a fháil, coinne nár tháinig riamh sa deireadh, agus chuaigh sí in olcas arís.

"Ní raibh fhios agam céard a bhí ag tarlú dhom dáiríre.Thosaigh m’intinn ag imeacht ansin.Bhí mé ag déanamh dearmad cén áit a raibh na gasúir fágtha agam.Bhí mé ag tógáil rudaí te amach as an oven le mo lámha.Bhí an mhothú bailithe as mo láimh chomh mór sin go mbeadh an rud i mo láimh píosa fada sular airigh mé an phian."

Chuaigh sí isteach go dtí an Aonad Éigeandála faoina cás, ach ní raibh siad ró-imníoch fúithi agus cé go bhfaca sí néareolaí i mí na Nollag 2019, ní mba léir dó siúd go raibh aon ábhar imní ann ach oiread.

Máire Bríd Ní Chualáin, láithreoir Iris Aniar

"Dúirt sé go raibh mé togha nach raibh tada orm.Thosaigh mé ag caoineadh.D’fhiafraigh mé dó an bhfuil tú cinnte.Tá, a dúirt sé, breathnaíonn tú chomh maith, bíonn tú amuigh siúl agus chuile shórt.Bíonn arsa mise ach níl mé ag aireachtáil go maith.Níl mé ceart.Tá mé ag déanamh dearmad cá’l mo chuid gasúir.Níl fhios agam bhfuil mé ag teacht nó ag imeacht. Tá mo chuid siúil bailithe go dona ... Bhí’s agam go raibh rud éicint orm ann t-am sin mar bhí seafóid aisteach ag teacht orm.Bhí mé ag déanamh rudaí an-seafóideacha sa mbaile."

I mí Eanáir 2020, shocraigh sí go gcaithfeadh sí dhul le MRI agus íoc as, mar ní raibh dé ar an gcoinne eile go fóill.Deir sí go raibh drogall uirthi an t-airgead a íoc.

"Dúirt mé liom fhéin níl mé ag caitheamh an t-airgead sin.Da mba le haghaidh na gasúir nó do John a bhí sé, bheadh sé déanta agam straight away ach rud ar bith dom fhéin caithfidh me cuimhneamh air deich ngeábh."

Thaispeáin an MRI go raibh meall ar a hinchinn, agus dúirt sí gur baineadh siar aisti, ach go raibh faoiseamh ann freisin go raibh freagra acu sa deireadh.Bhí iontas ar an néareolaí freisin.An chéad chuimhne a bhí aici ná a cuid gasúr.

"Ní raibh tada i mo chloigeann ach an bhfeicfidh mé na gasúir ag fás suas? Sin an chéad rud a tháinig isteach i mo chloigeann. Ní raibh mé in ann cuimhneamh air nach bhfeicfinn mo chuid ghasúr ag fás suas. Dúirt mé níl tada déanta fós againn, ní raibh muid fiú amháin in Árainn!"

Dúradh léi go gcaithfeadh sí dhul go Baile Átha Cliath le dhul faoi scian, agus dúirt sí san agallamh le Máire-Bríd Ní Chualáin gur thug na cártaí agus na beannachtaí a chuir daoine chuici sólás agus misneach di.

"Thosaigh daoine ansin ag seoladh cártaí aifrinn agus ag lasadh coinnle.D’athraigh sé sin an scéal uilig dom.Dúirt mé liom fhéin tá mé dhul é seo a throid.Even nuair a bhí mé istigh sa theatre i mBeaumont, bhraith mé go raibh tír agus talamh in éineacht liom.Ní raibh mé ag caoineadh ná tada."

Dúradh léi go raibh contúirt mhór leis an obráid, agus go bhféadfaí go bhfágfaí gan lúth na ngéag í, nó nach dtiocfadh sí tríd chor ar bith, ach ní raibh aon rogha eile ann.

"Dúirt mé liom fhéin b’fhearr liom gan é seo a bheith agam chor ar bith, ach dúradh liom muna ndéanfaidh tú é, beidh tú caillte taobh istigh de choicís."

Bhí an meall a baineadh amach 5 cm X 5 cm, agus nuair a dhúisigh Mairéad ní raibh mothú ina taobh clé mar gur bhuail stróc í agus í faoi scian.Bhí muinín ag an dochtúir go dtiocfadh an mothú ina cos ar ais, ach ní raibh sé ró-chinnte faoina lámh. Bhí bóthar fada roimpi go fóill, cé go ndeir sí nár thuig sí é sin ag an am.Shíl sí go mbeadh sí imithe ar feadh coicíse, ach bhí sé beagnach sé mhí sa deireadh.

Ba é a bheith imithe óna fear John agus a cuid gasúr, Abigail, 10, agus Joshua, 8, an rud ba dhéine faoi, agus ní raibh sí cinnte go dtiocfadh sí tríd.

"Bhí litreacha scríofa agam agus chuile shórt go dtí chuile dhuine.Bhí mé tinn chomh fada, bhí mé lag faoin am a ndeachaigh mé suas ann agus níor cheap mé go dtiocfadh mé as."

"Bhí sé tough ar na gasúir.D’fhág Mama ar feadh coicíse agus níor tháinig sí ar ais ar feadh sé mhí."

Tá Mairéad ag déanamh go maith anois, ach bíonn cuidiú ag teastáil uaithi le rudaí áirithe a dhéanamh.

"Tá mé go maith, ach nuair a chaithfidh tú brath ar d’iníon le do bhróg a dhúnadh, caithfidh sí mo ghruaig a cheangal suas.Rudaí gur cheart domsa a bheith a dhéanamh di sin tá sise á dhéanamh domsa.Tá mé ag déanamh go maith ach níl aon dhá lá mar a chéile.B’fhéidir go mbeinn iontach inniu, agus droch lá agam amárach."

Ghabh sí buíochas le muintir Chonamara as an tacaíocht uilig a thug siad di.

Bhí Mairéad Nevin Larkin faoi agallamh ar Iris Aniar ar RTÉ Raidió na Gaeltachta Dé hAoine.