Tá réaltaí shraithdhráma phríomh-ama TG4, Ros na Rún, ag tabhairt faoi mhear-dhúshlán an Kube chun tacú le hOspís na Gaillimh ar an 14ú Deireadh Fómhair in Óstán an Clayton ag 7pm.

Beidh Réaltaí Ros na Rún TG4, an príomhaisteoir Pól Ó Gríofa a bhfuil páirt Mhack aige agus Caitríona Ní Dhomhnaill a bhfuil páirt Shorcha aici, in éineacht leis an aisteoir agus an fear grinn Éireannach Patrick McDonnell a bhfuil cáil air as a thaispeántais ar Fr Ted, agus iad ag dul san iomaíocht i mear-dhúshláin an Kube. Is é réalta Fr Ted, Patrick, a bheidh ina MC don ócáid agus é ag tacú leis na hiomaitheoirí chun a chinntiú go mbeidh siad réidh ó thaobh coirp agus intinne de do na dúshláin taobh istigh den chiúb Peirspéacs. Is cinnte go mbeidh oíche bhreá shiamsúil mar thoradh ar an obair.

In éineacht le haisteoirí Ros na Rún, Pól Ó Gríofa agus Caitríona Ní Dhomhnaill, beidh baill d'fhoireann Ospís na Gaillimhe, Rose Kelly, IPU, agus Aisling Kearney, Obair Shóisialta Leighis. Beidh foireann Ospís na Gaillimhe i láthair go spleodrach chun tacú le Rose agus Aisling agus le chuile dhuine a bheidh páirteach agus iarracht á dhéanamh acu an Kube a bhualadh.

We need your consent to load this rte-player contentWe use rte-player to manage extra content that can set cookies on your device and collect data about your activity. Please review their details and accept them to load the content.Manage Preferences


"Mar is eol do lucht leanta an tseó teilifíse, cluiche spraoiúil tapa is ea The Kube a thugann dúshlán d’éirim na n-iomaitheoirí agus do néaróga an lucht féachana! Is cinnte go mbeidh oíche spraoiúil ag chách," a deir Charlene Hurley, Stiúrthóir Tiomsaithe Airgid agus Cumarsáide in Ospís na Gaillimhe.

Tá an bheirt réaltaí as Ros na Rún an-tógtha leis an Kube. "Fan mór den Kube mé agus bím an-sásta i gcónaí tacú le hOspís na Gaillimhe agus tabhairt faoi dhúshlán le mo chomhréalta, Pól Ó Gríofa. Feicfidh muid cé aige a bheidh an bua," a deir Caitríona Ní Dhomhnaill a bhfuil páirt Shorcha aici i sraithdhráma móréilimh TG4.

Bhí an méid seo le rá ag Pól Ó Gríofa atá páirteach sa dráma Gaeilge teilifíse, Ros na Rún, ón tús. "Ag Ros na Rún, bíonn fonn orainn i gcónaí tacaíocht a thabhairt do charthanachtaí áitiúla, Ospís na Gaillimhe ach go háithrid, a chuireann seirbhís phríomhúil pobail ar fáil ar fud Chathair agus Chontae na Gaillimhe agus Conamara san áireamh, agus is dreas breá spraoi é dúshlán an Kube freisin agus bím réidh le aghaidh píosa spraoi i gcónaí, ar an scáileán teilifíse nó taobh amuigh dó."

Bhí an ócáid seo le reáchtáil ar dtús in 2020 ach b’éigean é a chur siar mar gheall ar an bpaindéim. Rachaidh an t-airgead ar fad a bhaileofar ón Kube ag Óstán an Clayton chuig seirbhísí áitiúla Ospíse.

Más mian leat a bheith i láthair ag an ócáid bailithe airgid seo ar mhaithe le hOspís na Gaillimhe agus tacú le hiomaitheoirí Ros na Rún, is féidir ticéid a fháil ar líne ag galwayhospice.ie/shop nó glaoch ar 091 770868. Coinnigh súil ar shuíomh gréasáin Ospís na Gaillimhe chun a fháil amach cé eile a bheidh ag glacadh páirte agus lean na meáin shóisialta @rosnarun le coinneáil suas chun dáta freisin.