Sa cheathrú clár sa tsraith, beidh Charlie agus Éilís Lennon sa stiúideo le Liam Ó Maonlaí agus iad ag comhrá agus ag casadh ceoil le chéile.
Liam Ó Maonlaí is joined in studio by Charlie and Éilís Lennon this week.

Tá cáil i bhfad is i ngearr ar mhuintir Lennon sa cheol traidisiúnta, agus an tseachtain seo is iad Charlie agus Éilís Lennon a bheidh sa stiúideo le Liam Ó Maonlaí don chlár agus iad ag comhrá, ag casadh ceoil agus ag tob-chumadóireacht le chéile.