skip to main content

'An méid traenála a gheobhann tú, níl tú réidh fa choinne sin'

In agallamh ar Bharrscéalta ar RTÉ Raidió na Gaeltachta Dé Máirt, labhair Joe Ó Frighil, a bhí ar an gcéad bhriogáid dóiteáin a shroich láthair na tubaiste ar an Chraoslach Dé hAoine, faoin méid a tharla.

Tá Joe le briogáid dóiteáin an Fháil Charraigh, agus tharla sé go raibh uncail leis, Seán Ó Frighil, 83, as Gaoth Dobhair ó dhúchas, suite ina charr taobh amuigh den stáisiún peitril nuair a tharla an phléasc, agus ba mar sin a fuair Joe an scéal.

"Bhí Seán ar an bhealach abhaile as Leitir Ceanainn agus chuaigh sé isteach an tsiopa ar an Chraoslach fa choinne uachtar reoite.Bhí sé ina shuí just taobh amuigh den tsiopa ag an taobh agus díreach ina shuí istigh sa charr agus tháinig an windscreen isteach agus na fuinneoga thart air agus é ina shuí istigh sa charr.Bhí sé ina shuí tamall maith, bhí shock air.Cha raibh sé ábalta rud ar bith a fheiceáil, bhí dusta agus súiche achan áit ... ansin an chéad call a rinne sé ná ag mo bhean agus ringáil mo bhean mise agus thiontaigh mise an carr agus bhí mé ag déanamh mo bhealach suas ag an stáisiún agus d'imigh na pagers off."

Cé go raibh tuiscint éigin aige ar an rud a bhí tarlaithe, dúirt Joe nach raibh sé ullamh do chomh holc is a bhí rudaí nuair a shroich sé fhéin agus an cúigear eile a bhí leis an láthair sa chéad bhriogáid dóiteáin.

"Nuair a tháinig muid thart an coirnéal chonaic muid achan rud amuigh ar an bhealach mór... Daoine ag siúl thart, daoine gearrtha, daoine ag titim. Thóg mé an fón agus d’iarr mé cuidiú. Dúirt mé tá lear cuidigh a dhíobháil anseo tá mess anseo."

"Bhí muintir na háite ina sheasamh ag cuidiú, ach cha raibh a dhath ar bith sábháilte faoin rud a bhí siad a dhéanamh.Bhí an bhinn réidh le titim isteach, bhí na solar panels ag dangláil ar chorda beag bídeach... cosúil le rud inteacht a tchifeá ar an teilifís.Agus an méid traenála a gheobhann tú, níl tú réidh fa choinne sin."

Dúirt Joe go raibh Brian Ó Fearraigh, Stiúrthóir Ard-Pharaimhíochainteoir an Réigiúin, ar an stiúir ag an am sin agus thug sé treoir dóibh cén áit lena gcuid oibre a dhíriú ar dtús.

"Bhí againn na daoine a tharraingt back. Bhí barraíocht acu istigh. Bhí achan nduine ag iarraidh cuidiú.Bhí siad ag iarraidh an méid a thiocfadh leo a dhéanamh a dhéanamh ach bhí sé ró-dháinséarach.Cha raibh muintir na háite sásta sin a dhéanamh ach bhí againn iarraidh orthu sin a dhéanamh mar ní raibh sé sábháilte."

Ach dúirt Joe gur thuig siad go maith cé chomh deacair is a bhí sé seo don dream a bhí ann.

"Caithfidh tú smaoitiú tú fhéin a chur i mbróga s’acusan.B’fhéidir go bhfuil daoine muinteartha daofa istigh ansin, teaghlach s’acu istigh ansin, agus iad ag iarraidh fáil isteach a fhad leofa ach ní raibh sé sábháilte."

D’úsáid na seirbhísí éigeandála an taifeadadh CCTV ón siopa chun tuairim a thabhairt dóibh faoin méid daoine a bhí sa siopa ag an am agus cá raibh siad, rud a thug le fios dóibh cén áit le dhul ag cuardach.Tháinig tacaíocht freisin ó na seirbhísí éigeandála ó na Sé Chontae, ina measc foireann Urban Search and Rescue a raibh madraí leo a bhí traenáilte le daoine a aimsiú faoin smionagar – iad siúd a bhí gortaithe, agus iad siúd a bhí marbh.Theastaigh ciúnas iomlán nuair a cuireadh isteach na madraí.

"Bhí sin ina chuidiú le fáil amach cá raibh na daoine... b’fhearr i bhfad na madaí a chur isteach le insint duit cá háit a bhfuil na daoine in áit duine cosúil linn fhéin a dhul isteach ar eagla go dtitfeadh rud inteacht ort.Cha dtig liom a inseacht duit cad é chomh dáinséarach is a bhí sé."

"Bhí sé eerie, scáfar.Bhí daoine muinteartha trasna an bhealaigh mhóir ag caoineadh agus caithfidh tú a rá leofa caithfidh tú a bheith suaimhneach.Na céadta daoine ansin ag iarraidh cuidiú gan iad ábalta cuidiú."

Mhol Joe na conraitheoirí áitiúla a tháinig i gcabhair orthu le treallamh agus a bhí in ann an smionagar sna háiteanna éagsúla ar shíl siad a bhí na daoine a bhogadh ar shiúl go sábháilte.

Thug scéal amháin misneach do na seirbhísí éigeandála nuair a fuarthas bean slán sábháilte i ndiaidh roinnt uaireanta an chloig.

"Bhí fir chun tosaigh agus fir ar cúl agus iad ag iarraidh fáil isteach a fhad le daoine agus ag caint le daoine a bhí still istigh ach nach raibh muid ábalta dhul a fhad leo... B’fhéidir i ndiaidh ceithre huaire fuair muid bean amach agus shiúil sí amach.Bhí sé dochreidte.Ghearr muid poll isteach fríd an bhalla agus tháinig sí amach fríd an pholl."

Luaigh Joe san agallamh an comhoibriú iontach idir na seirbhísí uilig, agus go ndearna gach uile dhuine a ndícheall.Dúirt sé freisin go raibh a uncail go maith, cé go raibh sé fós craite ag an eachtra.

Tá Joe Ó Frighil le briogáid dóiteáin an Fháil Charraigh, agus bhí sé faoi agallamh ag Frances Nic Géadaigh ar an gclár Barrscéalta ar RTÉ Raidió na Gaeltachta Dé Máirt.