TG4 Dé Céadaoin an 12 Deireadh Fómhair ag 9.30pm
Nuair a bhí Arm na Breataine ar tí géilleadh d'Arm Impiriúlach na Seapáine i Singeapór, 80 bliain go ham seo, bhí cinneadh tromchúiseach le déanamh ag an dochtúir óg as Béal Feirste, Frank Murray a bhí san Arm leis an gCór Leighis Ríoga ann.
Bhí an tOileán mór 'do-ionsaithe’ ar tí titim. Bhí os cionn 100,000 trúpa réidh le géilleadh. Bhí a mbeatha agus beatha Frank Murray i lámha an namhad a ghabh gach a raibh roimhe trasna na hÁise agus an Aigéin Chiúin i dtús 1942.
Agus Singeapór ar lasadh, agus an bás i ndán do na sluaite, scríobh an Dr Frank Murray nóta faoi dheifir chuig a leannán Eileen O’Kane a bhí ina múinteoir Tíreolaíochta i Scoil Loreto san Ómaigh.
Mhionnaigh Frank go bhfillfeadh sé uirthi agus go siúlfadh an bheirt acu síos ón altóir mar lánúin nuaphósta.

‘Ar maidin, dhóigh mé do chuid litreacha ar fad, agus tá a fhios agat cén briseadh croí a bhí ansin – do chuid litreacha a raibh gach uile fhocal chomh luachmhar sin domsa.
Cá gcuirfear mé agus cad a tharlóidh dom, níl a fhios agam. Ach tá a fhios agam go bhfillfidh mé ort. Níl a dhath ar bith ar domhan a chuirfidh stop liom - tá níos mó grá agam duit anois ná mar a bhí riamh.’
Sa chlár faisnéise seo ‘Litir Ghrá ón Dara Cogadh Domhanda’ insítear faoi cé mar a chomhlíon an Dr Frank Murray an gealltanas sin d’Eileen O’Kane agus faoin mbealach ar sheas sise leis ar feadh 42 mí go dtí gur ghéill an tSeapáin, tír a bhí briste, millte ag an gcogadh sa bhliain 1945.
Faoin am sin, bhí Frank Murray, fear a raibh grá aige don Ghaeilge, don CLG, agus don Chreideamh Chaitliceach, ina Oifigeach i gceannas ar champa géibhinn i dTuaisceart na Seapáine. Ba é Frank a ghlac le gunnaí agus gléasanna cogaidh na Seapánach nuair a ghéill siad sa champa sin.
Agus é ag filleadh abhaile ar thuras a thug timpeall an domhain é, d’fhág Frank agus a chuid comrádaithe an tríú cuid de na saighdiúirí, na fir aeir agus na mairnéalaigh a bhí ina bpríosúnaigh ag na Seapánaigh, básaithe sna campaí.
Bhí an t-uafás rudaí gránna feicthe acu sin a tháinig slán. Bhíodar tar éis teacht trí ghalair, trí ghorta, trí chéasadh, agus trí obair sclábhaíochta. D’fhág sé marc orthu don chuid eile dá saol.
Bhí Eileen i gcaitheamh an ama ag guí go dtiocfadh Frank slán. Bhí turas fada le déanamh aige thar na n-aigéan agus thar Mheiriceá go dtí an lá a dtiocfadh sé i dtír ag Latharna.
‘Fágfaidh mise an Ómaigh ar an traein ag 1.30pm Dé Sathairn, rachaidh mé go Latharna chun casadh leat, ní féidir liom a chreidiúint go mbeidh ár bhfanacht fhada, thuirsiúil, lán le himní thart agus gur gearr go mbeimid le chéile agus ní scarfar go deo sinn arís.’
Trí mhí ina dhiaidh sin pósadh iad. Mhair siad go sona sásta as sin amach agus focail an fhile Rúisigh Constantin Simonev ina gcluasa:
‘….I lár an bháis,
Tusa agus tú ag fanacht a shábháil mé,
Ní thuigfidh duine ar bith ach mise agus tusa cé mar a mhair mé tríd,
Ach is mar gheall gur fhan tú, mar nár fhan duine ar bith eile.’
TG4 Dé Céadaoin an 12 Deireadh Fómhair ag 9.30pm