skip to main content

I gcuimhne ar phobal Chraoslaigh

Labhair Máirín Ní Ghadhra le Aodh Máirtín Ó Fearraigh ar An tSeachtain ar RTÉ Raidió na Gaeltachta mar gheall ar an tubaiste a tharla i gCraoslach i nDún na nGall.

Labhair Aodh Máirtín faoin gciúnas uafásach a bhí le haithint in áit bheag tuaithe, An Craoslach. Bhí na coirp á dtógáil amach ag na seirbhisí éigeandála. Tuairiscíodh go raibh tuairim agus 30 duine sa siopa nuair a phléasc sé.

I measc na ndaoine a bhí ar an láthair, bhí polaiteoirí, iriseoirí agus an chléir ag iarraidh sólás ag thabhairt dá chéile.

Labhair an polaiteoir Joe Mc Hugh mar gheall ar an bpobal beag atá briste as a chéile i láthair na huaire.

Craolfar eagrán speisialta den chlár Barrscéalta inniu, Dé Luain ón Shandon Hotel Spa in aice leis an Chraoslach le plé a dhéanamh ar dheireadh seachtaine tragóideach i nDún na nGall