Cuireadh tús le sraith nua ar RTÉ Raidió na Gaeltachta, Céapar na Céadaoine a gheallann caint, comhrá agus comhluadar leis an láithreoir Séamus Ó Scanláin.
Beidh aithne ag éisteoirí RTÉ Raidió na Gaeltachta óna chuid craoltóireachta ar chláracha Adhmhaidin, An Chéad Ghlúin Eile agus ar TG4 leis an gclár Glór Tíre.
Deir Séamus gur féidir le daoine a bheith ag súil le caint, ceol agus comhluadar maith gach Céadaoin ar an gclár. Beidh idir throm agus éadrom faoi chaibidil agus beidh Séamus ag díriú freisin ar chuid de na míreanna iontacha grinn atá i gcartlann RTÉ Raidió na Gaeltachta.
We need your consent to load this rte-player contentWe use rte-player to manage extra content that can set cookies on your device and collect data about your activity. Please review their details and accept them to load the content.Manage Preferences
Is féidir leat éisteacht le Céapar na Céadaoine ar RTÉ Raidió na Gaeltachta Dé Céadaoin ag 2.05